Forbairt Naíonraí Teoranta — Forbairt Naíonraí gan Teorainn!

Domhnach 5 Feabhra 2012 (30/01/12)

Forbairt Naíonraí Teoranta

Tá ar an leathanach seo tá bunchur síos ar sheirbhísí is ar mhuintir Fhorbairt Naíonraí Teoranta, tá cuntas ar phríomhrannóga an láithreáin is tá na scéalta is déanaí:

  1. Cé sinn is cad a bhíonn ar siúl againn?
  2. Na scéalta is déanaí
  3. Le fáil ar an láithreán seo
  4. Déan teagmháil linn
  5. Nascleanúint an láithreáin

Forbairt Naíonraí Teoranta

Ár gcuid cuspóirí

Is acmhainn ar-líne é an láithreán seo do dhaoine a dteastaíonn uathu réamhscolaíocht a sholáthar do pháistí trí mheán na Gaeilge. I dteannta nithe eile, tá ar ár láithreán cóir aimsithe Naíonra, liosta ábhair thacaíochta ar díol is ailt úsáideacha.

Cad is Naíonra ann?

Grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa ló) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra atá i Naíonra. Cuireann foireann an Naíonra gach deis ar fáil don ghrúpa chun forbairt iomlán an pháiste idir fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, aeistéitiúil, shóisialta, mhothúchánach agus teanga a chur i gcrích. Trí Ghaeilge a déantar obair an Naíonra. Modh an tsúgartha an cur chuige a húsáidtear mar gurb é is oiriúnaí mar mhodh foghlama do pháistí ag an tréimhse seo.

Nuacht is déanaí

Children’s Rights Alliance Report Card 2012: achoimre agus tuairisc iomlán

Litearthacht agus Uimhearthacht - An Straitéis Náisiúnta

An bhliain saor réamhscoile - fógra 5/12/11

Litir seolta chuig Naíonraí - 11/11/11

Fógraí

Clinicí Naíonraí 2011/2012

Folúntais

NaíNuacht - Nuachtlitir

Féilire Oiliúna 2011/2012

Muintir FNT

Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram is oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliamháin ar aghaidh. Bunaíodh Forbairt Naíonraí Teoranta in 2003 mar chomharba ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta Teo. Cuireann Foras na Gaeilge agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil d'Fhorbairt Naíonraí Teoranta.

Aimsigh an Naíonra is gaire dhuit

Tá ar an láithreán seo cóir aimsithe Naíonra atá breá éasca le n-úsáid, is a sholáthraíonn sonraí cuimsitheacha teagmhála i dtaobh na Naíonraí ar fad a mbíonn á riaradh ag FNT. Tabhair faoi ndeara nach bhfeidhmíonn FNT i gceantracha oifigiúla Gaeltachta (is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta a riarann na naíonraí sin) nó sna sé chontae.

Cuir Naíonra nua ar bun

Fáiltíonn Forbairt Naíonraí Teoranta roimh fiosrúcháin i dtaobh Naíonraí nua a chur ar bun. Tá faisnéis mar gheall ar conas Naíonra a chur ar bun ar fáil ar an láithreán seo.

Tabhair faoi ndeara nach bhfeidhmíonn FNT i gceantracha oifigiúla Gaeltachta (is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta a riarann na Naíonraí sin) nó sna sé chontae.

Seirbhísí tacaíochta & acmhainní

Cúrsaí oiliúna

Eagraíonn Forbairt Naíonraí Teoranta dianchúrsaí oiliúna d'ábhair stiúrthóirí agus cúrsa Cúram Leanaí Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 le haitheantas ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO). Tá Forbairt Naíonraí Teoranta aitheanta mar ionad oiliúna ag CDBO. Tá faisnéis shonrach mar gheall ar ár gcuid cúrsaí oiliúna ar fáil.

Ábhair thacaíochta ar díol

Díolann Forbairt Naíonraí Teoranta réimse leabhar, dhuthdhioscaí agus nithe eile, atá thar a bheith úsáideach sa Naíonra - nó cois teallaigh ar bith ina mbíonn leanaí á dtógaint le Gaeilge! Tá faisnéis shonrach ar fáil mar gheall ar na hábhair thacaíochta atá ar díol ag FNT.

Chun teagmháil a dhéanamh linn

Faisnéis theagmhála

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Forbairt Naíonraí Teoranta trí:

Guthán: 01 853 5101
Ríomhphost: Bain úsáid as an bhfoirm phoist
Seoladh: Forbairt Naíonraí Teoranta
Halla Naomh Pádraig
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9



Cliceáil anseo chun léarscáil níos mó a fheiceáil

Barr^


Naisc Ionaid Tacaíocht Mar Gheall Orainn

Cóipcheart © 2004–2012 FNT. Gach ceart ar cosnamh. Séanadh.