Muintir FNT
Foireann FNT

Clíona Frost
Is í Clíona Príomhoifigeach Fhorbairt Naíonraí Teoranta.
Tógadh le Gaeilge í agus d'fhreastail ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, mar a bhain sí céim amach sa Nua-Ghaeilge agus san Fhraincis i 1996.
Tá tréimhse caite aici ag múineadh Gaeilge agus Fraincise, agus Béarla mar theanga iasachta.
Tá Clíona obair le Forbairt Naíonraí Teoranta ó Aibreán 2003 i leith.



Sandra Ní Mhaoláin
Tá Sandra ag feidhmiú mar Fheidhmeannach Airgeadais agus Riaracháin na heagraíochta ó mhí Aibreáin 2009. Is iad na príomhdhualgais atá aici ná cúrsaí airgeadais na hoifige agus déileáil le fiosrúcháin ón bpobal.
(01) 853 5101
086 041 1887
sandra@naionrai.ie



Seán Ó hAdhmaill
Tá Seán Ó hAdhmaill ag feidhmiú mar Oifigeach Forbartha na heagraíochta ó mhí Mheithimh 2009. 
Sa ról seo, bíonn sé ag plé le bunú agus buanú Naíonraí Gaelacha. Déan teagmháil le Seán má tá eolas uait faoi:
- Bunú Naíonra Gaelach
- Cúrsaí inseirbhíse agus garchabhair
- Comhairle do choistí Naíonraí
- Eolas faoi chúrsaí Ghaeilge i do cheantar
(01) 853 5142
086 040 3717
sean@naionrai.ie



Clár Ní Chochláin
Tá Clár ag obair mar Oifigeach Eolais agus Scéimeanna le FNT ó mí Aibreáin 2010. 
Téigh i dteagmháil léi má tá eolas uait faoi na rudaí seo a leanas:
- Scéim Árachais, Scéim Bhallraíochta, Scéim Fhóirdheontais
- NaíNuacht (nuachtlitir mhíosúil FNT)
- Suíomh gréasáin
- Foilseacháin/bileoga eolais
(01) 853 5168
086 041 1185
clar@naionrai.ie



Laura Rawdon
Tá Laura ag feidhmiú mar an dara Oifigeach Forbartha ó mhí Dheireadh Fómhair 2011. 
Sa ról seo, bíonn sí ag plé le bunú agus buanú Naíonraí Gaelacha. Déan teagmháil le Laura má tá eolas uait faoi:
- Bunú Naíonra Gaelach
- Dianchúrsa FNT
- Cúrsaí CDBO i gCúram Leanaí
- Polasaithe
- Cosaint Leanaí
- Comhairle do Stiúrthóirí ar obair an Naíonra
(01) 853 5198
086 798 1919
laura@naionrai.ie


Bord FNT

Máire Uí Bhriain
Is í Máire Cathaoirleach Fhorbairt Naíonraí Teoranta.
Is Stiúrthóir Naíonra í Máire le 24 bliain anuas. Is ball gníomhach de choiste Na Naíonraí Gaelacha í ar feadh na mblianta.



Máire Ní Neachtain
Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh i Luimneach í Máire. Rugadh agus tógadh i nGaeltacht Chonamara í agus tá cónaí uirthi sa Spidéal. 
Sa tsochtheangeolaíocht is mó atá a cuid spéiseanna acadúla agus tá taighde déanta aici i réimse na sícitheangeolaíochta, sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga go háirithe. Tá suim ar leith aici sna healaíona dúchasacha.



Bláthnaid Ní Ghréacháin
Ionadaí an eagrais GAELSCOILEANNA TEO. í Bláthnaid Ní Ghréacháin, atá ina hArdfheidhmeannach ar an eagras ón bhliain 2006. 
Chaith sí bliain ag obair le Foras na Gaeilge roimhe, 5 bliana mar léachtóir le Gearmáinis agus bliain mar Bhainisteoir Tionscadail le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá céim onóracha aici sa Ghearmáinis agus sa Ghaeilge agus M.A. onóracha sa Ghearmáinis ó Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Tá M.A. le Gradam sa Chleachtas Dátheangach aici ó Fhiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.



Mairéad Mhic Gabhann
Stiúrthóir Naíonra i nGaillimh le breis is fiche bliain.

Ina ball gníomhach ar choiste Na Naíonraí Gaelacha (eagraíocht náisiúnta na stiúrthóirí) ar feadh na mblianta agus chaith sí cúpla bliain mar chathaoirleach ar an gcoiste chomh maith.
Mar ionadaí Na Naíonraí Gaelacha ar Bhord Fhorbairt Naíonraí Teoranta ó 2002 i leith.



Seosamh Ó Coinne
Ionadaí de chuid Fhoras na Gaeilge é Seosamh Ó Coinne, atá ag obair ann mar Chlárbhainisteoir sa Rannóg Oideachais.




Áine Andrews
Is as Béal Feirste d'Áine agus tá sí ina cónaí i nGaeltacht Bhóthar Seoighe. Tá sí ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta le breis agus tríocha bliain. 
Faoi láthair is í an príomhoide ar Ghaelscoil na bhFál. Is cathaoirleach agus comhairleoir oideachais í le hAltram, an eagraíocht Ghaeilge um fhoghlaim na luathbhlianta sa Tuaisceart.
Tá lámhleabhar oiliúna ar an tumoideachas sna luathbhlianta scríofa aici Two Windows on the World. Tá sí ag dréachtú cáilíocht úr don tumoideachas sna luathbhlianta i gcomhpháirt le hOllscoil Uladh.



Áine Ní Shuilleabháin (Uí Dhulaing)
Iar-Stiúrthóir Naíonra ar feadh 10 mbliain agus traenálaí Highscope í Áine. Oibríonn sí le grúpaí súgartha (Béarla agus Gaeilge) ar fud na tíre.
Eagraíonn sí ceardlanna le heagraíochtaí cúram leanaí chun cabhrú leo an Ghaeilge a chur chun cinn, is iad cuid de na heagraíochtaí a oibríonn sí leo ná an BCCN, St. Nicolas Montessori Society agus CMI.
Faoi láthair tá sí ag obair ar fhoilseacháin nua darb ainm How to Enjoy Irish with Young Children, i gcomhpháirt le Treasa Ní Ailpín.



Máire Mhic Mhathúna
Ceannaire gníomhach ar Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta in Institiúid Teicneolaíochta B.Á.C. í Máire.

Rinne sí tráchtas máistreachta ar ábhar: Roinnt fachtóirí ag cabhrú le sealbhú na Gaeilge i Naíonraí.
Rinne sí tráchtas dochtúireachta ar ábhar: Storytelling as Vehicle for Second Language Acquisition: Learning Irish in a Naíonra.
Faoi láthair tá sí ag obair ar threoirleabhar i gcomhpháirt le FNT agus Gaelscoileanna Teo. dar theideal: Ag aistriú ón Naíonra go dtí an ghaelscoil: Eolas agus Moltaí do Stiúrthóirí Naíonraí agus Múinteoirí Gaelscoile.



Máire Uí Mhurchú
Is Stiúrthóir Naíonra Neasáin, Baile Átha Cliath Thuaidh, í Máire le breis 21 bliain anuas. Is ball de choiste Na Naíonraí Gaelacha í.

Tá Máire bainteach le cúrsaí traenála FNT chomh maith, agus tá modúil éagsúla curtha i láthair aici do Dhianchúrsa FNT agus CDBO Leibhéal 5. Is múinteoir rince ghaelach í agus tá an-suim aici i rince agus ceol.



Conor C. Stiobhard
Ionadaí Comhairle na Gaelscolaíochta é Conor, atá ag obair ann mar Oifigeach Forbartha.




Bríd Ní Choinceanainn
Is príomhoide Scoil Chualann, Cill Mhantáin í Bríd.



Naisc
Ionaid
Tacaíocht
Mar Gheall Orainn