Mar Gheall ar Fhorbairt Naíonraí Teoranta

Déan teagmháil linn
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Forbairt Naíonraí Teoranta tríd an ríomhphoist nó ar an nguthán.
Guthán: 086 040 3717
086 040 3709
R-phost: Please use our mail form
Iad siúd gur mian leo teagmháil a dhéanamh linn tríd ríomhphost, tá fáilte rompu úsáid a bhaint as leathanach an fhoirm phoist ar an láithreán seo.



Cad é Forbairt Naíonraí Teo?
Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliamháin ar aghaidh.
Bunaíodh Forbairt Naíonraí Teoranta in 2003 mar chomharba ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta Teo. Tá ionadaíocht ag Altram, Comhairle na Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, Gaelscoileanna agus Na Naíonraí Gaelacha ar choiste stiúrtha Forbairt Naíonraí Teoranta.
Tugann Foras na Gaeilge agus an Roinn Sláinte & Leanaí deontais d' FNT.



Muintir Fhorbairt Naíonraí Teoranta
Tá ar fhoireann Fhorbairt Naíonraí Teoranta buíonn daoine díograsacha ag a bhfuil réimse fairsing taithí. Tá cúlra láidir acu uilig sa teangeolaíocht nó san oideachas is seasaíonn siad uilig go daingean leis an Ghaeilge mar theanga bheo.
Féach ar an liosta seo a leanas i gcomhair tuilleadh faisnéise:



Tuilleadh faisnéise
Cad iad na seirbhísí atá á dtairiscint ag Forbairt Naíonraí Teoranta?
Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú agus a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí iarscoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí.
Cuirtear cabhair agus comhairle ar fáil do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí gur mian leo leas a bhaint as an nGaeilge - pé méid is mian leo - le páistí.
Conas a chuirtear na seirbhísí seo ar fáil?
Tá oifig ag Forbairt Naíonraí Teoranta i mBaile Átha Cliath. Tá foireann Comhairleoirí ag Forbairt Naíonraí Teoranta ag feidhmiú ar fud na tíre a chuireann eolas agus sainchomhairle ar fáil do dhaoine aonair agus do choistí maidir le seirbhísí cúraim agus oideachais do pháistí a thosú agus a riaradh.
Eagraítear dianchúrsaí oiliúna d'ábhair Stiúrthóirí agus cúrsa Cúram Leanaí Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 le haitheantas ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO). Tá Forbairt Naíonraí Teo. aitheanta mar ionad oiliúna ag CDBO.
Tá raon leathan áiseanna, pacáistí agus leabhair foilsithe ag Forbairt Naíonaí Teoranta:
- Eagraítear scéim chuimsitheach árachais.
- Tá scéim chabhrach i leith trealaimh ar fáil.
- Eagraítear Scéim Fhóirdheontais do Naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
- Foilsítear Nuachtlitir ó am go chéile ina mbíonn eolas agus sainailt.
Cén fáth go ndéanann Forbairt Naíonraí Teoranta an obair seo?
- Tá ceart ag páiste seirbhísí cúraim agus oideachais a fháil trí Ghaeilge.
- Tá gá le agus éileamh ar sheirbhísí cúram páistí trí Ghaeilge.
- Tá na seirbhísí seo tairfeach agus fiúntach do fhorbairt iomlán an pháiste.
- Cabhraíonn sé le teaghlaigh agus le páistí i gceantair atá plódaithe nó tearc nó a bhfuil brú faoi leith iontu.
- Saibhríonn sé timpeallacht teangeolaíoch an pháiste.
- Is féidir le páiste óg an dara teanga a shealbhú go nádúrtha.
- Cabhraíonn sé le húsáid na Gaeilge a thosú nó a leathnú i réimse an teaghlaigh, rud a chabraíonn le buanú agus le leathnú na Gaeilge sa phobal.
- Cabhraíonn sé le naisc a chothú agus a chaomhnú le hoidhreacht agus le traidisiúin na hÉireann.
Cá bhfuil na seirbhísí seo ar fáil?
Tá fáil ar na seirbhísí i ngach áit: sa chathair, faoin tuath, ar oileáin, sa Ghaeltacht, taobh amuigh di, i hallaí pobail, i scoileanna, in ionaid spóirt, in ionaid siopadóireachta agus i dtithe príobháideacha in Éirinn.
Cad é an aois a bhíonn ag páiste sna seirbhísí seo?
Idir 0 go 12 bliain daois de ghnáth.
Cad é an aois a bhíonn ag páistí sa Naíonra?
Idir 3 agus 5 bliain daois de ghnáth.
Cad is Naíonra ann?
Grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa ló) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra atá i Naíonra. Cuireann foireann an naíonra gach deis ar fáil don ghrúpa chun forbairt iomlán an pháiste idir fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, aeistéitiúil, shóisialta, mhothúchánach agus teanga a chur i gcrích. Trí Ghaeilge a déantar obair an Naíonra. Modh an tsúgartha an cur chuige a húsáidtear mar gurb é is oiriúnaí mar mhodh foghlama do pháistí ag an tréimhse seo.
Conas a bhunaíonn tú Naíonra?
Déan teagmháil le Forbairt Naíonraí Teoranta agus tabharfar treoir duit faoi ionad, coiste, Stiúrthóir agus páistí.
Moltar coiste stiúrtha a bhunú chun obair an Naíonra a bhainistiú ó bhliain go bliain, agus le cúram a dhéanamh de chúrsaí airgid.
Moltar an coibhneas idir na páistí agus na Stiúrthóirí a choimeád íseal ach caithfear an coibhneas duine fásta amháin in aghaidh deichniúr páistí a choimeád sa Naíonra i gcónaí.
Tá Forbairt Naíonraí Teo. faoi réir ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, ag an Acht um Chúram Leanaí 1991 agus ag Na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Reamhscoile) 2006.


Máirt 9ú Márta 2010
Mar Gheall Orainn
Tacaíocht
Ionaid
Gaeilge
Naisc