Naisc
Cúram Leanaí

Comhar Náisiúnta Deonach um Chúram Leanaí
Meitheal d'ocht eagras náisiúnta, neamh-rialtas, a oibríonn le páistí in Éirinn, is ea an Comhar Náisiúnta Deonach um Chúram Leanaí. Tá sainspéis agus saineolas i réimsí an chúram leanaí agus na luath-fhoghlama ag na heagrais seo ar fad. Bunaíodh an NVCC i 1999 chun buanna éagsúla na n-eagras seo a thabhairt le chéile chun seirbhísí um chúram leanaí in Éirinn a fhorbairt agus a chur i bhfeabhas.



Na Naíonraí Gaelacha
Is eagras deonach neamhspleách é Na Naíonraí Gaelacha a bunaíodh i 1974. Tá sé mar aidhm ag an eagras cabhrú le Stiúrthóirí Naíonra ar fud na tíre trí oiliúint agus trí sheirbhísí a chur ar fáil dóibh.


Áiseanna

Spraoi
Is comhlucht foilsitheoireachta é Spraoi atá lonnaithe i gConamara. Is í an aidhm atá acu ná áiseanna a fhoilsiú a thugann cúnamh do pháistí an Ghaeilge a fhoghlaim agus spraoi a bhaint aisti.



Futa Fata
Comhlacht beag neamhspleách ceoil agus foilsitheoireachta is é Futa Fata. Saothar an chumadóra Tadhg Mac Dhonnagáin, Maigh Eoch atá lonnaithe i gConamara, a eisíodh ar an lipéad i dtosach ama.Tá dhá phríomhshruth i gceist i gcónaí le hobair Futa Fata – siad sin ábhar do dhaoine fásta agus ábhar do pháistí a chur ar fáil agus na caighdeáin is airde léiriúcháin ar féidir a bhaint amach ar feadh an ama.



Cló Iar-Chonnachta
Foilsíonn Cló Iar-Chonnachta réimse an-leathan litríochta agus ceol. San áireamh, tá cnuasachtaí filíochta, gearrscéalta agus amhrán, úrscéalta, leabhair do dhéagóirí, leabhair do pháistí, tráchtais taighde agus leabhair staire.


Oideachas

Gaelscoileanna
Is eagras náisiúnta deonach é Gaelscoileanna, a bunaíodh sa bhliain 1973 mar Choiste Náisiúnta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.
Is gnáth-bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna iad na scoileanna Lán-Ghaeilge go léir, a fheidhmíonn faoi ghnáth rialacha na Roinne Oideachais. Sí an Ghaeilge an teanga teagaisc sna scoileanna seo agus an teanga cumarsáide idir na múinteoirí, na páistí agus na boird bainistíochta.



Comhar na Múinteoirí Gaeilge
Feidhmíonn Comhar na Múinteoirí Gaeilge mar thaca agus mar fhoinse treorach do mhúinteoirí ar fud an oileán atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge.


Teanga

Foras na Gaeilge
Tá Foras na Gaeilge freagrach as an Gaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann.



Gael Linn
Fondúireacht neamhpholaitiúil, neamhrialtais is ea í Gael Linn a bhfuil mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann uile.


Pleanáil Teanga

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Eagras ionadaíochta is ea Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 23 eagras Gaeilge. I measc a ghníomhaíochtaí, tá pleanáil teanga agus réiteach polasaithe, seirbhísí eolais, stocaireacht pholaitúil agus feachtais, reachtáil cúrsaí oiliúna, seimineáir, comhdhálacha agus bunú tionscnamh nua.


Na Meáin

InsideIreland
Rannóg Ghaeilge an tsuímh nuachta InsideIreland.ie. Tá idir Chúrsaí Pobail, Teanga, Gnó, Spóirt agus Siamsaíochta clúdaithe anseo.


Naisc
Ionaid
Tacaíocht
Mar Gheall Orainn