Siar/Back  
Forbairt Naíonraí Teoranta Forbairt Naíonraí Teoranta
Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ó Naíonraí sna ceantair seo a leanas: Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.

Samhail nua Maoinithe – comhairliúchán poiblí
Foras na Gaeilge ag lorg moltaí agus aiseolas ar an athrú sa struchtúr reatha ina bhfaigheann eagrais Ghaeilge maoiniú.
 
Tá tuilleadh eolais agus ceistneoirí ar fáil ar shuíomh an Fhorais. Spriocdháta d’aiseolas ná 14 Meitheamh 2011.

Cúrsaí
an dara Dhianchúrsa do 2011 ar siúl an tseachtain seo (26-30 Aibreán) i mBaile Átha Cliath.

Beidh an Dianchúrsa deireanach do 2011 ar siúl mí Dheireadh Fómhair, i gCill Dara i rith an bhriste lár téarma (24-28 D.F.). Is féidir foirm iarratais a íoslódáil anseo.

Má tá suim agat freastal ar an Dianchúrsa amach anseo, déan teagmháil linn le d'ainm a chuir ar an liosta.

***

Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 faoi lán seoil anois i mBaile Átha Cliath. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil le Seán.


Cúrsaí Gaeilge
Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le gearrchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, an tseachtain dar tús 10 - 12 Bealtaine 2011. Is é €180 an gnáthchostas ar gach cúrsa agus tá praghas lascaine €140 á thairiscint ag Conradh na Gaeilge d’iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean agus do dhaoine dífhostaithe.
 
Cúrsa 6 seachtaine atá ann agus beidh na ranganna ar siúl oíche amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh 3 uair a chloig.
 
Is féidir clárú don chúrsa ag www.cnag.ie  nó trí theagmháil a dhéanamh le Máire Ní Dhuiginn ag eolas@cnag.ie nó ar (01) 475 7401. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.
 
Comhdháil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Lógó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Tionólfar comhdháil bhliantúil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa Tulach Mhór ón Aoine 29 Aibreán go dtí an Domhnach 1 Bealtaine.
 
Tuilleadh eolas anseo.

Comhdháil Altram
Is eagraíocht tacaíocht réigiúnach í Altram do thionscadail luathbhlianta Gaeilge ó Thuaidh. Cuireann Altram Seirbhísí Tacaíochta réigiúnach, Tacaíocht Speisialtóirí Luathbhlianta, agus Cnuasoiliúint ar fáil don earnáil luathbhlianta Gaeilge.
 
Beidh Comhdháil Altram ar siúl Dé hAoine, 20 Bealtaine 2011, ionad le cinntiú.
 
Tuilleadh eolais ar fáil ó Carol McNamara ag carol@altram.org.

Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011 ar an suíomh anois.

Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.

Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí  d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/ .

NaíNuacht
Aibreán 2011

Fáilte go heagrán na míosa seo de NaíNuacht, nuachtlitir FNT.
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chuir sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!

Polasaí Táillí an OMCYA
Caithfear polasaí táillí an Naíonra a bheith ag an OMCYA faoin 10 Meitheamh 2011. Déan teagmháil leis an gCoiste Cúram Leanaí áitiúil do bhreis eolais agus spriocdhátaí do do cheantar féin.

Children – their lives, their learning


Siobhán Parkinson


Tá comhdháil spéisiúil á eagrú ag an NCCA i gcomhpháirt le Coláiste Mhuire Marino ar an 4 Bealtaine 2011, darb ainm Children- their lives, their learning. Tá suíomh deartha acu chomh maith, le tacú le hábhar na comhdhála agus tá podchraoltaí ó dhaoine éagsúla ag labhairt faoi leanaí, oideachas agus an todhchaí.
 
Seo podchraoladh spéisiúil amháin ón údar agus Laureate na nÓg, Siobhán Parkinson. Labhraíonn sí faoi leanaí mar ealaíontóirí agus gurb é súgradh an fhoirm ealaíne atá in úsáid acu. Pléitear na smaointe seo i gcomhthéacs an dán On Turning Ten le Billy Collins.


Lá na Naíonraí

Lógó Na Naíonraí Gaelacha

Eagraíonn an t-eagras deonach Na Naíonraí Gaelacha lá náisiúnta gach bliain chun aird an phobail a tharraingt ar obair na Naíonraí agus chun éachtaí na bliana a cheiliúradh leis na páistí agus na tuismitheoirí.
 
Beidh Lá na Naíonraí ar siúl Dé Céadaoin, 18 Bealtaine i mbliana. Ar an lá seo téann beagnach gach Naíonra sa tír ar thuras nó déanann siad ceiliúradh ar an lá trí lá spóirt nó ceolchoirm a chur ar siúl.
 
Bí cinnte go nglacann tú cúpla grianghraf ar an lá le cur ar leathanach Flickr FNT agus do chomórtas iontach a bheidh sa chéad NaíNuacht eile.
 
Nóta árachais: Má tá an Naíonra ag dul ar thuras nó ag fágáil ionad an Naíonra do Lá na Naíonraí, ná déan dearmad an t-eolas seo a chur chuig FNT roimh ré. Mura bhfaigheann FNT fógra i scríbhinn roimh an turas, seans NACH MBEIDH an Naíonra clúdaithe ó thaobh árachais de. *Baineann sé seo le gach turas ar a dtéann an Naíonra.
 
Eolas le cur sa litir/r-phost chuig FNT:

  • Ainm agus seoladh an Naíonra
  • Ainm agus seoladh an áit a mbeidh an Naíonra ag dul chuige
  • Dáta agus uaireanta
  • Cóimheas leanaí/daoine fásta


Clinicí Naíonraí
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine lena mbuailimid ag an gclinic a bhí ar siúl 5 Aibreán, i bPort Láirge. 

Beidh clinicí deireanacha na scoilbhliana seo ar siúl ar na dátaí agus sna ceantair seo a leanas: 

Dé Luain, 9 Bealtaine - Corcaigh
Dé Máirt, 10 Bealtaine - Corcaigh
Dé Céadaoin, 18 Bealtaine - Dún Dealgan

Coinnigh siúl ar shuíomh FNT do bhreis eolas maidir le hionaid do na clinicí seo, maraon le heolas ar chlinicí eile a bhí ar siúl i rith na bliana. Iarrann muid ar éinne atá ag smaoineamh ar fhreastal ar aon chlinic, teagmháil a dhéanamh leis an oifig roimh ré le ham a chinntiú.


World Meningitis Day

Lógó an Meningitis Trust

Ba é Domhnach an 24 Aibreán, World Meningitis Day. Is é an Meningitis Trust an príomheagras in Éirinn a thugann tacaíocht do dhaoine a d’fhulaing meiningíteas.
 
Faigheann níos mó páistí faoi aois 5 bl. bás de bharr meiningítis ná aon ghalair ionfhabhtaíoch eile. Tá sé fíorthábhachtach, mar sin, go dtuigeann daoine céard iad na siomptóim a bhaineann le meiningíteas.
 
Cuireadh alt spéisiúil ar bhlag FNT ar an ábhar seo le déanaí, cliceáil anseo len é a léamh.

Mantra Lingua
Is duais-fhoilsitheoir leabhar é Mantra Lingua a fhoilsíonn ábhair dhátheangacha do thíortha agus cultúir éagsúla thart timpeall an domhain.
 
Faoi láthair tá ocht leabhar Béarla-Gaeilge ar fáil ó Mantra Lingua agus tá sé chinn dóibh siúd dírithe ar leanaí 0-5 bl.. Is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu agus na leabhair a cheannach ar shuíomh Mantra Lingua.
 
Tá leabhair ar fáil in an-chuid teangacha éagsúla – Sínis, Polainnis agus Fraincis ina measc. Seans go mbeadh suim ag tuismitheoirí nach é Béarla an chéad teanga dóibh, i gcuid de na teidil chomh maith.

Cúrsa Deireadh Seachtaine i nGaeltacht Chonamara
Go Gaeilge ag lorg Foghlaimeoirí agus Cainteoirí Líofa na Gaeilge chun tabhairt faoi dheireadh seachtaine labhairt na Gaeilge i gCarna, Conamara thar an deireadh seachtaine 27-29 Bealtaine 2011.
 
Tá an deireadh seachtaine dírithe ar dhaoine le Gaeilge ar leibhéal B2 sa TEG, ar a laghad, ach gur mhaith leo a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh agus feabhas a chur uirthi. Ní ranganna Gaeilge atá i gceist ach imeachtaí agus cluichí éagsúla a bheidh á eagrú le cumarsáid labhartha trí Ghaeilge a spreagadh agus le muinín a chothú sna rannpháirtithe. Déanfar é seo trí chomhrá agus cluichí le cainteoirí dúchais/líofa na Gaeilge.
 
Tá costas €250 ar an deireadh seachtaine iomlán (lóistín leaba agus bricfeasta, agus béile oíche Shatharn san áireamh) d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
Íocfar as lóistín agus béile oíche Shatharn do chainteoirí dúchais/líofa a bheidh ag freastal ar an gcúrsa mar éascaitheoirí.
 
Tuilleadh eolas ar fáil anseo, ó Eilís ag 087 2941140 nó ag gogaeilge@gmail.com.

 
G-Team

Lógó G-Team

Tá sraith úrnua á léiriú ag TG4 agus Adare Productions ina mbeidh pobail nach pobail Ghaeltachta iad in ann dul in iomaíocht lena chéile le bheith ina mBuaiteoirí G-Team 2011 agus duais €40,000 ó Fhoras na Gaeilge a bhuachan le húsáid chun a gceantar áitiúil a chur chun cinn.
 
Ceannairí Foirne le Gaeilge i ngach réigiún á lorg faoi láthair lena mbaile féin a chur san iomaíocht agus le bheith i gceannas ar iarracht a bpobal a ‘G-Day’ (Lá na Gaeilge) féin a bhaint amach.
 
Is éard a bheidh in ‘G-Day’ ná an lá a thiocfaidh na ceamaraí chuig an mbaile le féachaint ar an bpobal agus féile á reáchtáil acu, agus dian-iarracht á déanamh acu an Ghaeilge a labhairt i gcaitheamh an lae.
 
An ceannaire foirne tusa? An gcónaíonn tú i bpobal a bhainfeadh tairbhe agus taitneamh as dúshlán An G-Team? An féidir leat do phobal áitiúil a eagrú, a threorú agus a spreagadh a seacht ndícheall a dhéanamh agus dul san iomaíocht i gcomórtas fíornáisiúnta? Más ea, ba mhaith le Adare Productions cloisteáil uait.
 
Is é an spriocdháta le cur isteach ar an gclár ná 29 Aibreán 2011.
 
Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh TG4 nó ó Anna ag 087 233 4158.
 

Seimineáir/Comhdhálacha
Naisc úsáideacha:

 

Urraithe ag:
Lógó Fhoras na GaeilgeLógó Phobal
Nuachtlitir ar fáil ina iomláine ar www.naionrai.ie/nuachtlitir/nuachtlitir_index.ga

Má tá ábhar agat le cur sa chéad nuachtlitir eile, seol é chuig clar@naionrai.ie

Forbairt Naíonraí Teo., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

Fón: 01 853 5101/Facs: 01 853 5197
eolas@naionrai.ie
www.naionrai.ie

Uimhir Chuideachta: 366630 / CHY: 15533
 
Email Marketing Powered by MailChimp
cla