Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ó Naíonraí sna ceantair seo a leanas:
Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.
Samhail nua Maoinithe – comhairliúchán poiblí
Tá Foras na Gaeilge ag lorg moltaí agus aiseolas ar an athrú sa struchtúr reatha ina bhfaigheann eagrais Ghaeilge maoiniú.
Tá alt suimiúil foilsithe ag Gaelport ar an ábhar agus tá sé ar fáil anseo.
Tá tuilleadh eolais agus ceistneoirí ar fáil ar shuíomh an Fhorais. Spriocdháta d’aiseolas ná 14 Meitheamh 2011.
Campaí samhraidh i nGaillimh
Tá Conradh na Gaeilge, Co. na Gaillimhe ag eagrú campaí samhraidh trí Ghaeilge ar fud an chontae i rith mí Iúil agus mí Lúnasa. Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8-14 ach beidh campaí ar fáil chomh maith do pháistí idir 5-7 mbliana.
Is féidir tuilleadh eolas faoi na campaí a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh ar 091-567824 nó ag conradh@bradan.iol.ie. Tá alt ar Ghaelport ag fógairt na campaí anseo.
Campaí Ealaíne do pháistí i Maigh Eo
Tá Linenhall Arts Centre, Caisleán an Bharraigh ag cur campaí ealaíne éagsúla ar siúl i rith an tsamhraidh do pháistí ar gach aois.
Tá an chéad champa ag tosnú Dé Sathairn, 28 Bealtaine, ar feadh ceithre Shatharn. Visual Art Play do leanaí idir 2-5 bliana atá ann, agus beidh sé á rith faoi stiúir an ealaíontóra agus múinteoir Lucy Hill.
Tuilleadh eolais faoi na campaí go léir ar fáil ar shuíomh an ionaid ealaíne.
Altram
Tá suíomh gréasáin nua ag Altram. Tabhair cuairt air agus léirigh do thuairim.
CDBO
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 faoi lán seoil anois i mBaile Átha Cliath. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil le Seán.
An Tionól Gaeltachta 2011
Tá an Tionól Gaeltachta ar siúl sa Cheathrú Rua, idir an 30 Meitheamh - 3 Iúil i mbliana.
Is deireadh seachtaine spraíúil a bheidh ann, idir thurais, ceol, siamsaíocht agus Gaeilge, dár ndóigh.
Is é an spriocdháta d'fhoirmeacha ná 17 Meitheamh 2011. Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge, ó mairead@cnag.ie nó ar (01) 475 7401.
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Cuireann Oidhreacht Chorca Dhuibhne Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta ar fáil i mBaile an Fheirtéaraigh ó cheann ceann na bliana.Tá na cúrsaí seo oiriúnach do gach duine ón nGlantosnaitheoir go dtí an cainteoir líofa.
Beidh cúrsaí le freastal ar gach leibhéal ar siúl i rith an tsamhraidh. Más spéis leat freastal ar cheann de na cúrsaí seo, tabhair cuairt ar shuíomh Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Do shaineolas ag teastáil!
Ba mhaith linn alt a chur sa chéad NaíNuacht eile do Stiúrthóirí a bheidh ag oscailt Naíonraí nua i mbliana.
Cad é an moladh is fearr go bhféadfá tabhairt go Stiúrthóir nua/ an píosa eolais is tábhachtaí do Stiúrthóirí ag oscailt Naíonra don chéad uair?
Seol do mholtaí chuig clar@naionrai.ie.
Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011 ar an suíomh anois.
Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.
Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/ .
|
NaíNuacht
Bealtaine 2011
Fáilte go heagrán na míosa seo de NaíNuacht, nuachtlitir FNT.
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Táimid ag cur an chéad chomórtas míosúil ar siúl san eagrán seo de NaíNuacht, tá súil againn go mbeidh comórtas mar chuid rialta den nuachtlitir as seo amach!
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chuir sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!
Street Performance World Championship

Tá an Street Performance World Championship (SPWC) ar siúl i mbliana ar na dátaí seo a leanas:
Port Laoise: 11-12 Meitheamh 2011
Corcaigh: 11-12 Meitheamh 2011
Baile Átha Cliath: 16-19 Meitheamh 2011
Mar aon le siamsóirí den chéad scoth ó thíortha éagsúla, tabharfar faoi churiarracht dhomhanda a bhaint amach i mbliana. Agus an téama? Where's Wally!
Táthar ag súil go dtiocfaidh daoine chuig an imeacht agus iad gléasta mar Wally. Tógfar grianghraif ar an lá agus cuirfear ar líne é. Beidh airgead ón imeacht seo á thabhairt chuig an gcarthanacht Africa Aware, Tabhair cuairt ar shuíomh an SPWC do bhreis eolais maidir le dátaí agus feistis.
Fógra Árachais do Naíonraí faoi ghrúpscéim árachais FNT
Tá an doiciméad polasaí don bhliain 2010/2011 réidh ag KIDD Insurances anois, agus tá sé geallta go mbeidh an polasaí agus sceideal á sheoladh amach chuig gach Naíonra, atá faoi ghrúpscéim árachais FNT, faoi dheireadh na míosa seo.
Ba chóir go bhfaighidh sibh nóta clúdach árachais sa phost chomh maith, do mhí Mheán Fómhair 2011. Tá an dáta athnuachana árachais ag athrú go dtí 1 Deireadh Fómhair 2011 agus i ndiaidh labhairt le KIDD Insurances, tá gach Naíonra faoin ngrúpscéim ag fáil mí árachais (mí Mheán Fómhair) saor in aisce i mbliana. Bí cinnte, mar sin, go gcoinníonn sibh an nóta clúdach árachais sábháilte mar ní eiseofar an nóta árachais don bhliain 2011/2012 go dtí 1 Deireadh Fómhair 2011.
Beidh FNT féin ag seoladh litir amach chuig na Naíonraí go léir atá clúdaithe faoin ngrúpscéim ag míniú na n-athruithe atá le teacht i bhfeidhm ó Mhéan Fómhair ar aghaidh.
Fóirdheontas - Téarma Aibreán go Meitheamh 2011
Tá na foirmeacha don fhóirdheontas, Téarma Aibreán go Meitheamh 2011, seolta amach anois chuig gach Naíonra. Is é an spriocdháta d'fhoirmeacha a bheith ar ais san oifig ná Dé hAoine, 17 Meitheamh 2011.
Mura bhfaigheann tú an fhoirm sa phost, tá sí ar fáil le híoslódáil ar shuíomh FNT anseo.
Glacfaidh muid le foirmeacha sa phost nó seolta thar r-phost chuig clar@naionrai.ie.
Naíonra Charraig Uí Leighin
"Cheiliúir Naíonra Charraig Uí Leighin oscailt oifigiúil fhoirgneamh nua an Naíonra sin le déanaí. D'oscail Mícheál Máirtín, T.D. an foirgneamh nua ag ócáid a d'eagraigh an Naíonra ar an 6 Bealtaine 2011. Thagair sé do thábhacht na Naíonraí agus na Gaelscoileanna d'athbheochan na teanga agus ar thábhacht na luathbhlianta d'fhorbairt an pháiste agus do chur chun cinn an tsochaí.
Labhair Máire Uí Bhriain thar cionn na Naíonraí Gaelacha agus Forbairt Naíonraí Teoranta ag moladh na mball foirne, na tuismitheoirí agus dar ndóigh na páistí as fís an Naíonra a fhíorú leis an bhfoirgneamh, ach chomh maith, leis an obair laethúil a tharlaíonn i ngach Naíonra.
Dhírigh Máire a tagairt ar an tábhacht a bhain leis an Scéim Saorbhliain Réamhscolaíochta a choinneáil saor ó chiorruithe, chun nach mbainfidh den infheistíocht atá déanta i bhforbairt na hearnála le déanaí ar an Aire Simon Coveney, a bhí i láthair ag an imeacht chomh maith. Luaigh an tAire a thoil go mbeadh Gaeilge ag a pháistí féin rud nach raibh aige faoi láthair."
Tá grianghraif ón oscailt oifigiúil ar fáil ar shuíomh Flickr FNT. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Naíonra Charraig Uí Leighin do bhreis eolais agus grianghraif den fhoirgneamh nua.
Clinicí Naíonraí
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a d'fhreastail ar na clinicí éagsúla a bhí ar siúl timpeall na tíre. Bhí clinicí deireanacha na scoilbhliana ar siúl lár mhí na Bealtaine i gCorcaigh agus i nDún Dealgan, agus bhíomar fíor-shásta le líon na Stiúrthóirí agus coistí Naíonraí a tháinig chun bualadh linn.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chomh maith, leis na daoine a sheol foirmeacha meastóireachta ar ais chugainn. Is mór an chabhair iad le feabhas agus forbairt a dhéanamh ar chruinnithe mar seo don todhchaí. Mura sheol tú foirm ar ais chugainn, agus gur mhaith leat do thuairimí a nochtadh, tá an fhoirm ar fáil le híoslódáil anseo.
HB Ice-Cream Fundays 2011 & Avonmore Big Picnic do Barrettstown

Agus an samhradh ag druidim linn, táimid ag súil leis an ngrian a fheiceáil - ag pointe éigin! Cén fáth nach n-eagraíonn tú HB Ice-Cream Funday nó Avonmore Big Picnic le sult a bhaint as an dea-aimsir agus airgead a bhailiú do charthanachtaí ag an am céanna? B'fhéidir gur mhaith leat Ice-Cream Funday nó Big Picnic mhór a eagrú i gcomhpháirt leis na Naíonraí eile sa cheantar.
HB Ice-Cream Fundays:
Iarrtar ort cóisir uachtar reoite a eagrú i rith mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh i mbliana agus tacaíocht a léiriú do Down Syndrome Ireland. Is féidir leat do chóisir a chlárú ar an suíomh www.downsyndrome.ie, agus seolfar pacáiste chugat le póstaeir, cuiridh, balúin agus dearbháin uachtar reoite HB ann.
Avonmore Big Picnic for Barrettstown:
Iarrann Avonmore ort picnic a eagrú agus airgead a bhailiú do Barrettstown. Déanfaidh Avonmore dúbláil ar gach euro a bhailíonn tú, suas go huasmhéid €250,000. Nuair a chláraíonn tú do phicnic ar líne ag bigpicnic.ie, seolfar pacáiste chugat le smaointe do chluichí, oideas, póstaeir agus cuiridh ann. Tá réamhaisnéis aimsire 5-lá ar fáil ar an suíomh chomh maith le cabhrú leis an bpleanáil!
Tá an dá imeacht thar a bheith éasca le heagrú agus tá obair iontach á dhéanamh ag Down Syndrome Ireland agus Barrettstown - mar sin níl aon leithscéal gan ceann amháin, ar a laghad, a eagrú! Ba bhreá linn grianghraif a fheiceáil d'aon HB Ice-Cream Fundays nó Avonmore Big Picnics a chuireann sibh ar siúl!
Sábháilteacht leanaí - DVD an FSS
Tá DVD darb ainm Child Safety inside and outside the Home - a guide for parents, guardians and children ar fáil saor in aisce ón FSS. Tá an DVD as Béarla, ach tá sé ar fáil le fotheidil i dteangacha éagsúla, Gaeilge, Polainnis agus Sínis ina measc.
Más mian leat cóip a fháil don Naíonra, nó do thuismitheoirí, is féidir iad a ordú ó shuíomh an FSS anseo.
O2 Think Big

Tá togra iontach ar siúl faoi láthair ag O2 i gcomhar le Headstrong, an tIonad Náisiúnta do Mheabharshláinte Dhaoine Óga. Tabhair cuairt ar shuíomh Think Big, scríobh teachtaireacht ghearr, dearfach agus tabharfaidh O2 €1 do Headstrong do gach teachtaireacht a fhágtar ar an suíomh, ar Facebook agus ar Twitter.
Glac nóiméad le smaoineamh dearfach a roinnt, agus léigh ceann nó dhó ó dhaoine eile agus tú ar an suíomh!
Simply Signing

Eagraíonn an t-eagras Simply Signing ceardlanna agus cúrsaí do thuismitheoirí agus do dhaoine a oibríonn le leanaí le teanga chomharthaíochta na hÉireann a chur chun cinn, agus tríd seo, tacú le forbairt an linbh.
Tá clár ar leith acu do naíolanna agus scoileanna, agus úsáidtear na puipéid Billy agus Ruby, mar aon le ceol, amhráin agus scéalta, le teanga chomharthaíochta a mhíniú agus a mhúineadh do leanaí.
Tabhair cuairt ar shuíomh Simply Signing do bhreis eolais.
Comórtas na míosa

Buíochas le flaithiúlacht an chomhlachta BabógBaby, tá 5 teidí idirghníomhach ag FNT le tabhairt amach chuig 5 Naíonra. Freagair an cheist seo thíos le deis a thabhairt do do Naíonra ceann de na teidithe álainn seo a bhuachan:
Cé mhéid daoine a d’íoslódáil an BB app ar an gcéad lá dó dul ‘beo’?
A. 32
B. 42
C. 52
(Psst - Leid anseo)
Seol freagra na ceiste, ainm an Naíonra agus grianghraf ó imeachtaí do Naíonra féin ar ‘Lá na Naíonraí’ chuig clar@naionrai.ie faoi Chéadaoin, 15 Meitheamh 2011. Foilseofar grianghraif na 5 Naíonra a bhuann i NaíNuacht mhí an Mheithimh.
Dátaí don dialann
Naisc úsáideacha:
Urraithe ag:
 
|