Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ag Naíonraí sna ceantair seo a leanas:
Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.
Naíonraí Nua
Tá liosta le hainm, ceantair agus sonraí teagmhála gach Naíonra nua a d’oscail i mbliana agus atá cláraithe le FNT ar fáil ar an suíomh anseo.
Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Tá Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ( FSAI) ag lorg rannpháirtithe do ghrúpa fócais i mBaile Átha Cliath ar an 8 Samhain 2011. Tá an litir iomlán ón FSAI ar fáil ar an suíomh anseo.
Suíomh gréasáin
Tá sé i gceist ag FNT obair a dhéanamh ar an suíomh gréasáin www.naionrai.ie thar na míonna seo chugainn. Ba mhaith linn é a fhorbairt ionas go mbeadh sé níos áisiúla don úsáideoir, agus go mbeadh an cineál eolais atá ag teastáil ag Stiúrthóirí, tuismitheoirí agus an pobal ar fáil ann.
Sibhse na daoine a bhíonn á úsáid, mar sin, má tá aon mholadh agaibh ar céard gur chóir a chur san áireamh agus suíomh nua á dhearadh, ba mhaith linn cloisteáil uaibh.
Is féidir moltaí a chur chugainn thar r-phost chuig clar@naionrai.ie nó i litir chuig an oifig.
Oíche Shamhna
Tá nasc chuig acmhainní d'Oíche Shamhna ar fáil ar bhlag FNT.
Ranganna - Gaeilge agus eile
Is leor beirt
Is é an smaoineamh taobh thiar den scéim seo ná go mbuaileann daoine le chéile le Gaeilge a labhairt. Is rud neamh-fhoirimiúil atá i gceist. Is féidir le daoine bualadh in áiteanna ar leith do lón, nó cupán tae nó ar lá/tráthnóna ar leith lena gcuid Gaeilge a chleachtadh.
'Is leor beirt' an t-ainm atá ar an scéim mar ní gá do ghrúpa mór le Gaeilge a labhairt, níl ach duine amháin eile ag teastáil le comhrá a bheith agat.
Tá tuilleadh eolais mar aon le liosta de na háiteanna atá páirteach ann, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain, ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge anseo.
Gaelport.com
Tá eolas ar chúrsaí Gaeilge atá ar siúl timpeall na tíre ar fáil ar gaelport.com.
Tugtar eolas ar chúrsaí do dhaoine fásta agus do pháistí, idir chúrsaí teanga, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí ollscoile.
Tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaelport.com/cursai.
Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011/2012 ar an suíomh anois.
CDBO
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil le Seán.
Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.
Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/.
|
NaíNuacht
Deireadh Fómhair 2011
Fáilte go dtí NaíNuacht, nuachtlitir de chuid Fhorbairt Naíonraí Teoranta .
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chuir sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!
Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha

Bhí breis agus 150 duine i láthair ag Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha i bPortlaoise thar an deireadh seachtaine 7-9 Deireadh Fómhair. Bhí Na Naíonraí Gaelacha fíorshásta leis an bhfreastal agus leis an aiseolas dearfach atá faighte ó shin. Bhain Stiúrthóirí an-leas as an gceardlann ar Riail 5 a bhí ar siúl ar an Satharn, agus bhíomar an-sásta go raibh an Dr. Máire Mhic Mhathúna ann leis an gComhdháil a oscailt go hoifigiúil agus labhairt faoin fhoilseachán nua An Traein.
Tá roinnt grianghraif ón deireadh seachtaine ar fáil ar leathanach flickr FNT. Má tá grianghraif agat gur mhaith leat go gcuirtear leo, seol chugainn iad chomh maith le hainmneacha na ndaoine atá le feiceáil iontu.
Ballraíocht 2011/2012
Tá roinnt Naíonraí nár sheol foirm bhallraíochta nó táille bhallraíochta chugainn go fóill. Níl Naíonra cláraithe le FNT go dtí go bhfuil an dá rud seo faighte ag an oifig.
Is é an spriocdháta leis na foirmeacha agus táillí cuí a chur chugainn ná an 2 Samhain 2011. Mura bhfuil gach rud faighte againn ó do Naíonra faoin dáta sin, glacfaimid go bhfuil an Naíonra dúnta agus bainfear sonraí an Naíonra ón léarscáil ar an suíomh.
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil gach rud seolta isteach ag do Naíonra, féach ar an liosta Naíonraí atá cláraithe le FNT ar an suíomh anseo. Mura bhfuil ainm do Naíonra ar an liosta seo, níl sé cláraithe linn.
Teidil nua ó Chló Mhaigh Eo
Foilsíonn Cló Mhaigh Eo leabhair Ghaeilge do pháistí agus do dhaoine óga. I measc na dteideal nua tá trí leabhair álainn scríofa agus maisithe ag Ciara Ní Dhuinn. Tá siad dírithe ar pháistí 3+ agus ní amháin go bhfuil siad simplí ó thaobh dearadh agus foclaíochta de, ach tugtar aistriúchán ar na frásaí as Fraincis, Spáinnis agus Béarla ag bun gach leathanaigh. Leabhair álainn do thuismitheoirí le húsáid le leanaí sa teach, go háirithe do thuismitheoirí a bhfuil Fraincis nó Spáinnis mar chéad teanga acu agus gur mhaith leo cúpla focal Gaeilge a úsáid leis na leanaí.
Féach faoi chomórtas na míosa seo do do dheis cóip de na leabhair seo a bhuachan.
Tairiscintí Chló Iar-Chonnacht

Bíonn tairiscintí ar ábhar éagsúla gach seachtain ag Cló Iar-Chonnacht. Faoi láthair tá 33% as pictiúrleabhair faoi Mhurcha an Siorc Mór Bán. Tá DVDs as Gaeilge ar fáil ar lascaine 50% faoi láthair chomh maith, le teideal mar Dora the Explorer, Spongbob agus Wonderpets.
Namelabels.ie
Is comhlacht Éireannach é Nomine Labels agus deartar agus déantar na lipéid in Éirinn. Tá raon leathan lipéid agus pacáistí ar fáil agus is féidir leat iad a oiriúnú le dathanna agus íomhánna éagsúla sula n-ordaíonn tú iad.
Tagann na lipéid ar mhéideanna éagsúla agus is féidir an chuid is mó dóibh a úsáid ar éadaí, bróga agus boscaí lóin mar tá siad déanta as vinil agus iad slán don mhiasniteoir agus don inneall níocháin dá bharr.
Téigh chuig www.namelabels.ie le breis eolais a fháil agus breathnú ar na roghanna éagsúla atá ar fáil.
Pacáiste eolais
Scaipeadh pacáiste eolais ar Naíonraí a d’fhreastail ar Chomhdháil Na Naíonraí Gaelacha. I measc na rudaí atá sa phacáiste tá cóip de na foilseacháin seo a leanas An Traein, Tús Áite do Leanaí, cáipéis ar Riail 5. Tá cóip amháin ar fáil do gach Naíonra, mura bhfuil cóip faighte ag do Naíonra go fóill, cuir r-phost chuig clar@naionrai.ie.
Tá an pacáiste seo ar fáil do Naíonraí amháin atá cláraithe le FNT.
Sam Maguire ar chuairt chuig Naíonra Neasáin
Thug Ross McConnell agus an Sam Maguire cuairt ar Naíonra Neasáin, Baile Átha Cliath le déanaí. Bhí na páistí ar bís le bualadh leis an aoi speisialta seo!
Sain-neamhord teanga agus urlabhra
Tá suíomh cruthaithe ag tuismitheoirí do thuismitheoirí le heolas agus tacaíocht a chur ar fáil faoi sain-neamhord teanga agus urlabhra (SSLI). Tugtar eolas faoin bpróiseas measúnaithe, ranganna teanga agus teiripe shaothair. Tá roinnt gníomhaíochtaí ar fáil faoin rannóg teiripe shaothair le cabhrú le forbairt scileanna cognaíocha, coirp agus mínluaileacha. Féach ar www.ssli.ie do thuilleadh eolais.
Clinicí
I mbliana tá sé i gceist ag FNT díriú ar chraobhacha a bhunú i gceantair éagsúla timpeall na tíre ionas go mbeidh Stiúrthóirí in ann bualadh le Stiúrthóirí eile sa cheantar le cúrsaí Naíonraí a phlé agus tacú lena chéile.
Beidh cúpla clinic fós ar siúl, áfach, agus tá an liosta ceantar agus dátaí ar fáil ar an suíomh. Cuirfear breis eolas maidir le ceantair agus ionad ar an leathanach seo cúpla seachtain roimh gach clinic.
Beidh céad chlinic na scoilbhliana seo ar siúl ar an 18 Samhain 2011 i dTuaim, Co. na Gaillimhe.
Ampville

Tá suíomh álainn ar fáil ag an ESB, darb ainm Ampville, le heolas faoi leictreachas, agus na contúirte a bhaineann leis, a thabhairt do pháistí ar bhonn spraíúil. Tá rannóga éagsúla ann do thuismitheoirí agus múinteoirí chomh maith le cluichí do pháistí.
Tá leagan Gaeilge den suíomh agus na cluichí ar fáil, agus tá gluais leis an leagan Gaeilge chomh maith. Tá callaire ar bharr gach leathanaigh gur féidir leanaí a úsáid le héisteacht leis na treoracha. Is féidir le páistí scoile an suíomh a úsáid agus an t-eolas agus na treoracha a léamh, agus an ghluais a úsáid do théarmaí nua.
Comórtas na míosa
Tá beart leabhar faighte againn ó Chló Mhaigh Eo le bronnadh ar dhá Naíonra an mí seo. Is iad na leabhair atá ar fáil ná na trí teideal nua ó Chiara Ní Dhuinn Dathanna agus Cruthanna, Comhrá, Uimhreacha.
Más mian leat d'ainm a chur sa hata don duais seo seol freagra na ceiste mar aon le d'ainm/ainm an Naíonra agus seoladh chuig clar@naionrai.ie roimh 18 Samhain 2011.
Ceist: Cad é teideal an leabhar nua foilsithe ag Cló Mhaigh Eo agus scríofa ag Gabriel Rosenstock? (Psst, leid anseo)
Dátaí don dialann
Naisc úsáideacha:
An bhfuil cóip de NaíNuacht ar fáil do thuismitheoirí sa Naíonra? Cuir cóip i gcló agus cuir ar an gclár fógraí é ionas go mbeidh tuismitheoirí ar an eolas faoi acmhainní nua agus forbairtí san earnáil.
|