Siar/Back  
Forbairt Naíonraí Teoranta Forbairt Naíonraí Teoranta
Scoil Gheimhridh Merriman 2012
Cumann Merriman
Dáta: Aoine go Domhnach 27-29 Eanáir 2012
 
Ionad: Hotel Westport
Cathair na Mart
Co. Mhaigh Eo
 
Téama: Comhar @ 70: Borradh sa Litríocht
 
Teagmháil: Deirdre Nic Mhathúna i gColáiste Phádraig, (01) 884 2352 Deirdre.NicMhathuna@spd.dcu.ie
Máire Ní Neachtain i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach 086 3820671
Tuilleadh eolais ó www.merriman.ie.

Forbairt gnó
Cuireann scéim GMB an AE (EU SME Guarantee Facility) iasachtaí de luach suas go €25,000 ar fáil do dhaoine gur maith leo gnóthas nua a thosnú nó gnóthas reatha a fhorbairt, nach féidir teacht ar mhaoiniú do a leithead. Léigh tuilleadh faoi anseo.

Tugann na naisc seo thíos mioneolais ar a bhfuil i gceist leis:
Lá Bailiúcháin Gael-Taca 2012
Gael-Taca
 
Gael-Taca, Corcaigh le Gaeilge, ag eagrú lá bailiúcháin ar an
Satharn 28 Eanáir 2012  idir 10r.n.-6.00i.n..
 
Tá siad ag lorg bailitheoirí go práinneach le huair a chloig nó dhó a thabhairt dóibh ar an lá úd.
 
Beidh siad lonnaithe i lár na Cathrach, agus sna hIonaid siopadóireachta sna bruachbhailte
 

Má tá uair nó dhó le spáráil agat ar an lá, ba bhreá leo cloisteáil uait ar 021 4310841.

Futa Fata – tairiscint speisialta
Tá mé ag fás...
Tairiscint speisialta don Athbhliain ó Futa Fata:
Seit Iomlán den tsraith (ocht leabhar) 'Tá mé ag fás’ ar phraghas €35 (gnáthphraghas €45).

Ciorcal comhrá
Caiseal
Tá Comhrá Cois Tine ar siúl i gCaiseal le 30 bliain anuas i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge. Faoi láthair, bíonn sé ar siúl gach Luain idir 8.00-9.30i.n. i dteach tábhairne Mikey Ryan. Comhrá neamhfhoirmiúil a bhíonn ann. Tá an chuid is mó de na rannpháirtithe líofa sa Ghaeilge ach freastalaíonn daoine ar bheagán Gaeilge air chomh maith agus tugtar gach cúnamh dóibh gan brú a chur orthu.
 
Freastalaíonn daoine ó Chaiseal agus ó na paróistí timpeall air ar Chomhrá Cois Tine agus cuirtear fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí.
 
Tuilleadh eolais ar Ghaelport.
 
Baile Átha Cliath
Tosóidh ciorcal comhrá Cois Teallaigh, Dé Luain, 23 Eanáir (17.30-18.45) ar feadh seacht seachtaine. Tá fáilte roimh gach duine, pé leibhéal Gaeilge ag a bhfuil siad.  

Ionad: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
 
Tuilleadh eolais ar fáil ó Bhrígíd (01) 679 4780 nó brighid@comhdhail.ie.

Comórtas Sacair Cúigear an Taobh - SNAG
Tugtar cuireadh daoibh bheith páirteach i gComórtas Sacair Cúigear an Taobh do dhaoine fásta atá Áras Chrónáin ag eagrú i gCluain Dolcáin mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012.
 
Beidh sé ar siúl Dé Sathairn, 3ú Márta ó 2.00i.n.-5.00i.n. ar pháirceanna astroturf Ionad Fóillíochta Chluain Dolcáin.
 
Eagrófar béile do na rannpháirtithe agus lucht tacaíochta ina dhiaidh mar aon le hoíche shiamsaíochta in Áras Chrónáin níos déanaí.
 
Tá fáilte roimh Ghaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre bheith páirteach sa chomórtas agus tá grúpaí éagsúla ó Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird ag léiriú suime ann cheana féin. Is féidir cúigear imreoir agus beirt ionadaí a bheith ar gach foireann.
 
Le clárú don chomórtas seol ainm na foirne agus ainmneacha na n-imreoirí chuig Colm roimh 10ú Feabhra. Tuilleadh eolais 086 392 7090.

Temple Bar Trad Fest 2012

Éile
 
Tabhair cuairt ar Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath Dé Sathairn, 28 Eanáir ag 1i.n. do cheol agus amhránaíocht den scoth ón ngrúpa 'Éile' ó Laurel Hill Coláiste FCJ, Luimneach - buaiteoirí Siansa Gael Linn 2011 - saor in aisce!
 
Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ag Naíonraí sna ceantair seo a leanas: Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.

Suíomh gréasáin
Tá sé i gceist ag FNT obair a dhéanamh ar an suíomh gréasáin www.naionrai.ie thar na míonna seo chugainn. Ba mhaith linn é a fhorbairt ionas go mbeadh sé níos áisiúla don úsáideoir, agus go mbeadh an cineál eolais atá ag teastáil ag Stiúrthóirí, tuismitheoirí agus an pobal ar fáil ann.

Sibhse na daoine a bhíonn á úsáid, mar sin, má tá aon mholadh agaibh ar céard gur chóir a chur san áireamh agus suíomh nua á dhearadh, ba mhaith linn cloisteáil uaibh.

Is féidir moltaí a chur chugainn thar r-phost chuig clar@naionrai.ie nó i litir chuig an oifig.

Painéal de Theagascóirí á chur le chéile ag FNT
Tá FNT ag lorg teagascóirí na luathbhlianta ó fud fad na tíre chun painéal a chur le chéile. Cuireann FNT cúrsaí aitheanta agus neamhaitheanta ar fáil trí Ghaeilge, dírithe ar an earnáil luathóige, go príomha Naíonraí Gaelacha.

Má tá tú suim agat sna luathbhlianta agus cáilithe chun ceardlann a thabhairt ar ábhar ar leith, nó má tá taithí agat ar mhodúil CDBO (FETAC) a mhúineadh, déan teagmháil linn.

Tá spéis faoi leith ag FNT sna hábhair a leanas: Modúil Cúram Leanaí CDBO Leibhéal 5 & 6, An Ghaeilge, Garchabhair, Fiontraíocht agus Airgeadais, Sábháilteacht Bia, Idirchultúrachas agus Comhionannas.

Moltar don té a bhfuil spéis aige bheith ar phainéal de theagascóirí FNT, ríomhphost a sheoladh chuig Laura ag laura@naionrai.ie.

Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011/2012 ar an suíomh anois.

Fáiltíonn FNT roimh mholtaí do chúrsaí inseirbhíse do 2012. Déan teagmháil le Seán.

CDBO
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Beidh na modúil thíos ag tosú go luath. 

CDBO Leibhéal 5
01-02-2012: Luathoideachas
07-03-2012: Úsáid na Gaeilge le Leanaí Óga
CDBO Leibhéal 6
08-02-2012: Forbairt an Linbh

Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith déan teagmháil le Laura.

Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.

Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí  d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/.

NaíNuacht
Eanáir 2012

Fáilte go dtí chéad eagrán na bliana de NaíNuacht, nuachtlitir de chuid Fhorbairt Naíonraí Teoranta .
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chur sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!

Próiseas Comhairliúcháin – Samhail Nua Mhaoinithe
Eolas ó Fhoras na Gaeilge:
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) i mí  Dheireadh Fómhair 2011, d’iarr an CATT ar Fhoras na Gaeilge comhairliúchán breise a chur i gcrích. Tá na téarmaí iarrtha ag an gCATT thíos:

a) Tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 sheachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na nDréachtscéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;
b) A chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na Dréachtscéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú; 
c) An phunann Dréachtscéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;

Mar chuid den phróiseas tá i gceist ag Foras na Gaeilge:
1. An próiseas a fhógairt,
2. An Cháipéis Chomhairliúcháin a fhoilsiú,
3. An Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais a fhoilsiú,
4. Focasghrúpaí a reáchtáil, agus
5. Imeachtaí Poiblí Comhairliúcháin a reáchtáil. Reáchtálfar ceann de na hImeachtaí Poiblí Comhairliúcháin i ngach Cúige.

Fógrófar tuilleadh eolais faoin phróiseas agus na himeachtaí seo ar shuíomh Ghréasáin Foras na Gaeilge (www.gaeilge.ie) agus sna meáin.

Tá an cháipéis chomhairliúcháin féin agus cáipéis a bhaineann leis an Measúnacht Tionchair Chomhionannais ar an bpunann Dréachtscéimeanna le fáil ag na naisc thíos:
Doiciméad Comhairliúcháin Eanáir 2012
Spriocdháta: 2 Aibreán 2012.
**********************************

Ghlac Forbairt Naíonraí Teo. (FNT) páirt ghníomhach sa phróiseas go dáta, idir freastal ar chruinnithe agus seisiúin eolas, ullmhú aighneachtaí (ar fáil le híoslódáil anseo) agus teagmháil a choimeád leis an bhForas.

Is ball den Fhóram í FNT agus táimid ag comhoibriú le baill uilig an Fhóraim ar chur chuige tomhaiste, ciallmhar agus  chun teacht ar thoradh dearfach a bheidh chun leasa na Gaeilge. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bhFóram agus ar amlíne an phróisis go dáta ag: www.gaelport.com/samhailnuamhaoinithe.

D’eisigh an Fóram agus Aontas Phobal na Gaeilge ráiteas le déanaí ar na buarthaí agus ar na dúshláin atá romhainn sa chomhthéacs reatha.

Beidh FNT ag ullmhú aighneacht eile don tréimhse chomhairliúcháin reatha agus cuirfear an aighneacht ar shuíomh Ghréasáin FNT (www.naionrai.ie). Ba mhór againn bhur dtuairimí a fháil ar an tSamhail Nua Mhaoinithe agus moltaí eile i dtaobh chur chuige Fhoras na Gaeilge ar an gceist seo. Beidh FNT ag seoladh eolas breise chugaibh go luath ar an ábhar seo.
 

Samhail Nua Mhaoinithe - cruinniú le Sinn Féin
Baill FNT agus NNG ag cruinniú le Sinn Féin

Reáchtáil Sinn Féin cruinnithe le FNT agus le NNG an tseachtain seo, chun eolas a bhailiú faoin réimse luathbhlianta agus ar thuairim/mholtaí FNT/NNG ar an tSamhail Nua Mhaoinithe, agus iad ag ullmhú aighneachta ar ábhar na samhla agus cuí-chóiriú na hearnála deonaí Gaeilge. Bhuail toscaireacht ón dá eagras le baill Sinn Féin (Gearóid Ó hEara, Rosie McCorley, Marcas Mac Ruairí agus Trevor Ó Clochartaigh) i dTeach Laighean. I measc na pointí a rinneadh le Sinn Féin bhí:

  • Go bhfuil 4,000+ leanbh ag freastal ar naíonraí na tíre gach lá
  • An tábhacht a bhaineann leis an gcomhoibriú
  • Scéim Fhóirdheontais a chosaint agus naíonraí a choimeád ar oscailt
  • Maoiniú ilbhliantúil imfhálaithe a sholáthar
  • An tábhacht a bhaineann leis an taighde ar an luathbhlianta

Táimid ag lorg cruinnithe leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald T.D., agus le Teachtaí Dála Fhianna Fáil chun an cheist seo a chíoradh leo, ach go háirithe mar a bhaineann sé le hinbhuanaitheacht na naíonraí agus le seirbhísí luathbhlianta den scoth a sholáthar do theaghlaigh trí mheán na Gaeilge.

Froganna Beaga Glasa

Frogann Beaga Glasa


Mar chuid den suíomh nua atá ag Futa Fata, tá cainéal ar leith acu ar YouTube anois. Go dtí seo tá físeán ón seó stáitse ‘Gugalaí Gug’ curtha suas acu. Tabhair cuairt ar an gcainéal anseo do thuilleadh físeán.

Children’s Rights Alliance Report Card 2012

Report Card 2012

Tugadh grád C+ don Rialtas sa Children’s Rights Alliance Report Card 2012, seo an grád is fearr atá faighte ag aon Rialtas ónar foilsíodh an chéad Report Card i 2009. Bronnadh an grád C+ mar aitheantas ar fhorbairtí dearfacha atá déanta mar an cinneadh Aire agus Roinn iomlán a chur ar fáil don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, cead a thabhairt d’ospidéil leanaí nua a thógáil agus gealltanas reifreann ar chearta leanaí a chur ar siúl i rith 2012. Chaill an Rialtas roinnt mhaith marcanna i réimsí eile áfach, de bharr “glaring violations of children’s rights”, i mBuiséad 2012, ach go háirithe, agus de bharr páistí a choinneáil i bhForas Naomh Pádraig. Fuair siad teip (grád E agus F faoi seach) sa dá réim seo.
 
Tá achoimre den tuairisc ar fáil anseo agus tá an tuairisc iomlán ar fáil i bhfoirm pdf anseo.

Cóimheas nua don ECCE – nóta tráchta
Bhí sé fógartha roimh an Nollaig go bhfuil an cóimheas don ECCE ag athrú go dtí 1:11. Seasann cóimheas an FSS go fóill ag 1:10 agus seo an cóimheas gur gá cloí leis ó thaobh árachais de. Má tá ceist ar bith ag seirbhísí faoi na cóimheasa seo, ba chóir teagmháil díreach a dhéanamh leis an FSS.

Póstaeir Síolta

Síolta

Tá an póstaer Síolta A2 aistrithe go Gaeilge ag FNT agus ba chóir go mbeadh cóip faighte sa phost anois ag gach Naíonra. Mura bhfuair do Naíonra cóip, nó má tá breis cóip ag teastáil, cuir r-phost chuig clar@naionrai.ie.

Dualgais na n-Oifigeach Forbartha
D’fháiltigh FNT an dara hOifigeach Forbartha, Laura Rawdon, mí Dheireadh Fómhair seo caite.
 
Anois agus dhá Oifigeach Forbartha ag obair linn, tá dualgais ar leith ag an mbeirt acu agus tá an liosta sin thuas ar an suíomh anois, mar aon le sonraí teagmhála Séan agus Laura.
 
Anuas ar sin, beidh an bheirt acu ag plé le ceantair ar leith timpeall na tíre, mar sin, más mian le do Naíonra go bhfreastalódh duine ón oifig ar chruinniú na dtuismitheoirí nó go dtiocfadh duine ón oifig ar chuairt chuig an Naíonra, is féidir leis an Naíonra teagmháil a dhéanamh leis an duine cuí do do cheantair. Tá liosta na gceantar ar fáil i bhfoirm léarscáil shealadach anseo.

Camscéimeanna

Rabhadh

Tá daoine ag éirí níos cruthaithí le camscéimeanna i láthair na huaire.
 
Tá an chamscéim is déanaí dírithe ar sholáthraithe chúram leanaí. Tá glaonna faighte ag roinnt seirbhísí ó dhuine a dúirt gur tuismitheoir sa Bhreatain atá ann. Dúirt an tuismitheoir go mbeidh sé ag bogadh go hÉirinn ar feadh tréimhse de bharr cúrsaí oibre agus gur mhaith léi réamháirithint a dhéanamh ar dhá áit dá pháistí sa tseirbhís chúram leanaí. Sheol an tuismitheoir seic le híoc as táillí na seirbhíse ach bhí méid an seic níos airde ná na táillí agus mhol an tuismitheoir an seic a lóisteáil agus an difríocht a chur ar ais chuici trí aistriú bainc. An fhadhb leis seo ná go dtógann sé suas go dhá sheachtain seic steirling a lóisteáil agus faoin am sin bheadh sé soiléir nach raibh aon airgead sa chuntas ónar eisíodh an seic.
 
An chamscéim r-phoist is déanaí atá feicthe ná r-phost ina gcuirtear in iúl go bhfuil €450,000 buaite i gcrannchur na Spáinne ag an duine gur leo an seoladh r-phoist, an difear leis na r-phoist seo ná go bhfuil sé as Gaeilge.
 
Má fhaightear r-phost mar seo an rud is tábhachtaí le déanamh ná gan freagra a chur ar ais chuig an duine a sheol é. Seoltar camscéim ríomhphost chuig na mílte seoltaí r-phoist ach ní bhíonn a fhios ag an seoltóir an fíor-sheoladh atá ann. Mar sin, má fhaigheann an seoltóir r-phost ar ais, tá a fhios acu gur fíor-sheoladh r-phoist atá i do sheoladh agus leanfaidh siad orthu le breis camscéime. Tuilleadh eolais anseo.

Litearthacht agus Uimhearthacht

 Litearthacht agus uimhearthacht

“Tá ríthábhacht leis an tréimhse idir an bhreith agus trí bliana d’aois i bhforbairt fhisiciúil, shóisialta, mhothúchánach, chognaíoch agus theangeolaíoch an linbh. Tá ríthábhacht le ról na dtuismitheoirí agus na dteaghlach sna blianta seo, go háirithe i bhforbairt teanga na leanaí agus sna scileanna litearthachta agus uimhearthachta atá ag teacht chun cinn. Tá ríthábhacht leis an bpáirtnéireacht idir na tuismitheoirí agus na teaghlaigh chun an fhorbairt seo a chothú agus chun dúshraith a chur síos le haghaidh tuilleadh foghlama i suíomhanna um chúram agus oideachas luathóige (COLÓ) agus i scoileanna.” lh 23 den tuairisc.
 
Tá an straitéis Litearthacht agus Uimhearthacht mar cheann de na príomhphointí ar Phlean Oibre FNT 2012. Tá sé i gceist againn leabhar amháin a bronnadh ar gach leanbh sa tír atá ag freastal ar Naíonra leis an aidhm ná go mbeadh tuismitheoirí ag léamh leis an leanbh sa teach agus go spreagfar comhrá idir an tuismitheoir agus an leanbh, rud a fhorbrófar scileanna litearthachta don todhchaí.

Bliain Nua na Síneach

Bliain Nua na Síneach

Thosaigh Bliain Nua na Síneach, Bliain an Dragain, i mbliana ar an 23 Eanáir. Tá féile ar siúl don chúigiú bliain as a chéile i mBaile Átha Cliath idir an 20 Eanáir - 3 Feabhra le ceiliúradh a dhéanamh ar theacht na bliana nua.
 
Tá raon leathan imeachtaí ar siúl do gach aois grúpa, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na féile do liosta iomlán na n-imeachtaí. Tá clár maith leagtha amach do pháistí idir cheardlanna ceardaíochta, scéalaíochta, rince agus eile. Seo thíos sampla den chineál rud atá ar fáil:
 
Ceardlanna sna leabharlanna
19 Eanáir – 1 Feabhra
Is gá áirithintí a dhéanamh do na ceardlanna seo.
Scéalta Síneacha agus ceardaíocht don bhliain nua
Ealaíon agus ceardaíocht do Bhliain Nua na Síneach
 
Zú Átha Cliath
28-29 Eanáir
Tá zú Átha Cliath ag ceiliúradh na féile le hainmhithe na hÁise a chónaíonn sa zú. Beidh cainteanna speisialta á thabhairt ag na coimeádaithe zú a bheidh dírithe ar ainmhithe mar an tíogar Sumatrach, an panda rua, eilifintí na hÁise agus dobhráin na hÁise.
 
Chomh maith leis na cainteanna, tá siúlóid leagtha amach do chuairteoirí le heolas faoi ainmhithe na hÁise a sholáthar ar bhonn spraíúil.
 
Tabhair cuairt ar www.dublinzoo.ie do thuilleadh eolais.

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Acht na dTeangacha

Cliceáil anseo leis an suirbhé a chomhlíonadh.

“Dúshlán”

TG4

Sraith de 4 chlár faisnéise atá i “nDúshlán” a chraoladh ar TG4 gach oíche Luain i mí Eanáir. Leanann an chéad chlár an Sáirsint Séamus Ó Fianghusa as Nua Eabhrac a bhfuil Gaeilge aige agus atá ar dualgas san Afganastáin le harm Mheiriceá. Leantar é agus é ag dul ó Nua Eabhrac go Béal Feirste, Dún na nGall agus ar aghaidh chuig an Afganastáin.
 
Dar le Séamus, ba mhaith leis go mbeadh rath ar an tsraith seo mar go mbreathnaíonn sé ar an teanga agus cultúr Gaeilge ar bhealach neamhthraidisiúnta.
 
Craoladh an clár seo mar chuid den tsraith “Dúshlán” i rith mí Eanáir 2012 é, ach tá sé fós ar fáil ar líne ar TG4 Player.
 
Tuilleadh eolais faoin gclár anseo.

Scéimeanna tacaíochta ar fáil ó Fhoras na Gaeilge

Foras na Gaeilge

Scéim na gCampaí Samhraidh
Aidhm: Tacú le grúpaí taobh amuigh den Ghaeltacht campaí samhraidh a reáchtáil trí mheán na Gaeilge idir 2 Iúil 2012 agus 31 Lúnasa 2012.
Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 / £3,500 – le táillí na ndaoine óga a choinneáil íseal
Spriocghrúpa: (i) Páistí idir 3 agus 18 bliana (ii) Lucht eagraithe na gcampaí – múinteoirí Gaeilge, oibrithe deonacha
Spriocdháta: 21 Márta 2012
Tuilleadh eolais

An Ghaeilge sa Phobal
Aidhm: Tacú le grúpaí pobail imeachtaí a reáchtáil leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn logánta.
Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 / £3,500 ar fáil do choistí pobail leis an Ghaeilge a spreagadh agus a úsáid ar bhonn logánta.
Spriocghrúpa: Coistí pobail
Tuilleadh eolais

Scéim um Chomharthaíocht Dhátheangach/Ghaeilge
Aidhm: Tacú le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide comharthaíocht sheachtrach i nGaeilge nó go dátheangach a chur in airde.
Tacaíocht ar fáil: Maoiniú meaitseála d’uasmhéid €1,500 / £1,250 i.e. éadain siopaí, comharthaí ar fheithiclí, treoirchomharthaí lasmuigh, srl.
Spriocghrúpa: Fiontair thráchtála beaga agus mheánmhéide amháin.
Tuilleadh eolais
 
Imeachtaí idirscoile

Gaelscoileanna Teo.

Tá Deontas d’Imeachtaí Idirscoile ar fáil ó Ghaelscoileanna Teo. gach bliain agus tá sé oscailte d’imeachtaí idir Naíonraí agus bunscoileanna chomh maith. Tá ciste teoranta ar fáil don scéim seo agus tá an chuid is mó de caite don scoilbhliain seo. Tá méid áirithe fós ar fáil, áfach, agus is deis iontach é comhoibriú leis an mbunscoil áitiúil agus caidreamh a chothú idir fostaithe agus páistí sa dá ionad.
 
Má tá spéis ag do Naíonra páirt a ghlacadh sa scéim seo, téigh chuig suíomh Gaelscoileanna Teo. do thuilleadh eolais. Tá suas go €250 ar fáil d’imeacht idir Naíonra agus bunscoil, mar sin tapaigh an deis anois!
*Má bhíonn rath ar d’iarratas, íocfar an deontas chuig an mbunscoil a bhfuil ag comhoibriú leis an Naíonra san imeacht agus beidh ar an scoil an deontas a roinnt leis an Naíonra.

Clinicí

Beidh an chéad chlinic eile ar siúl Déardaoin, 23 Feabhra 2012 sa Mhuileann gCearr, Uíbh Fháilí.

Beidh gach eolas faoin gclinic (áit, am, &rl.) ar an suíomh go luath. Seolfar litreacha chuig Naíonraí sa cheantar níos giorra den am agus iarrfar ar éinne gur mhaith leo freastal ar an gclinic am a shocrú linn roimh ré trí ghlaoch ar an oifig.

Coinnigh súil ar an suíomh do thuilleadh eolais faoin gclinic seo agus clinicí eile a bheidh ar siúl roimh an samhradh.

Foilseacháin nua FNT

Beidh dhá acmhainn nua ar fáil ó FNT an tEarrach seo:

Bróga NuaBróga Nua - cnuasach de rannta agus amhráin Gaeilge, curtha le chéile ag Áine Ní Shuilleabháin. Beidh an leabhrán seo dírithe ar sheirbhísí Béarla agus daoine gan ach cúpla focal Gaeilge.

 



Biongó na SéasúrBiongó na Séasúr - Cluiche biongó bunaithe ar an tsraith póstaer 'Na Séasúir' atá ar fáil ó FNT faoi láthair.




Coinnigh súil ar an suíomh agus ar NaíNuacht do thuilleadh eolais faoi na hacmhainní seo.

Comórtas na míosa
Comhghairdeas le Naíonra Réaltaí Geala, Inis Córthaidh a bhuaigh dearbhán le caitheamh ar shuíomh www.molanoige.com.

Beidh comórtas eile san eagrán Feabhra de NaíNuacht.

Dea-Scéal don Athbhliain
Comhghairdeas
Is cúis áthas dúinn a chur in iúl daoibh go bhfuair Sandra bronntanas speisialta an Nollaig seo – fáinne gealltanais!
 
Comhghairdeas agus gach dea-ghuí ó gach éinne san oifig!

Dátaí don dialann


Naisc úsáideacha:
An bhfuil cóip de NaíNuacht ar fáil do thuismitheoirí sa Naíonra? Cuir cóip i gcló agus cuir ar an gclár fógraí é ionas go mbeidh tuismitheoirí ar an eolas faoi acmhainní nua agus forbairtí san earnáil.
 

Urraithe ag:
Lógó Fhoras na Gaeilgelógó DCYAlógó Pobal

 
Nuachtlitir ar fáil ina iomláine ar www.naionrai.ie/nuachtlitir/nuachtlitir_index.ga

Má tá ábhar agat le cur sa chéad nuachtlitir eile, seol é chuig clar@naionrai.ie

Forbairt Naíonraí Teo., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

Fón: 01 853 5101/Facs: 01 853 5197
eolas@naionrai.ie
www.naionrai.ie

Uimhir Chuideachta: 366630 / CHY: 15533
 
Email Marketing Powered by MailChimp