Forógra FNT
Caith súil ar fhorógra
FNT anseo
Folúntais
Tá Stiúrthóir á lorg ag Naíonra nua a bheidh ag oscailt Meán Fómhair 2011, i dTrá Lí. Beidh Oakview Village Childcare ag oscailt Naíonra mar chuid den tseirbhís chúram leanaí atá á tháirgeadh acu faoi láthair. Cliceáil anseo leis an bhfógra poist a léamh.
Tá Stiúrthóir Cúnta á lorg ag Naíonra Thír na nÓg, i mBré. Saoire máithreachas atá i gceist, mar sin beidh seacht mí oibre ar fáil don té a cheapfar. Cliceáil anseo do thuilleadh eolais.
Grúpa Tuistí agus Leanaí nua i mB.Á.C.
Tá sé i gceist ag an eagras deonach Comhluadar Grúpa Tuistí agus Leanaí nua a thosnú i lár Bhaile Átha Cliath. Tá an Grúpa Tuistí agus Leanaí seo dírithe ar thuismitheoirí a oibríonn i rith na seachtaine nó orthu siúd nach bhfuil deis acu freastal ar ghrúpa eile i rith na seachtaine.
Tá sé i gceist go mbuailfidh an grúpa seo le chéile maidin Shathairn uair amháin sa mhí. Beidh an grúpa ag teacht le chéile don chéad uair Dé Sathairn, 5 Márta 2011 idir 11.00r.n.-1.00i.n., i Halla Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean.
Má tá suim agat freastal air le do pháistí (faoi 6 bhliain), déan teagmháil le Comhluadar ar (01) 671 5116 nó imeacht@comhluadar.ie.
Gugalaí Gug Beo! ag teacht ar chamchuairt!
Tá
Gugalaí Gug Beo! ag teacht ar chamchuairt go hÁras Pobail Ráth Chairn, Dé Domhnaigh,
6ú Marta 2011.
Beidh seó eile ar siúl ar an
4ú Márta mar chuid d'ócáid bronnta Diosca Óir ó
IRMA ar
Futa Fata. Tuilleadh eolais ar fáil
anseo.
Garchabhair ó Bhéal
Tá an comhlacht
SafetyMate i ndiaidh gléas garchabhrach a fhorbairt a labhraíonn leat – as Gaeilge! Tá gléasanna dátheangacha
SafetyMate in úsáid i dtithe, in oifigí, i gclubanna spóirt agus i mórán áiteanna eile.
Is uirlis fíor-úsáideach é seo agus molann
FNT gléas
SafeyMate do gach Naíonra. Tá siad ar fáil ar €160 (+ seachadadh). Is féidir orduithe a chuir isteach le
FNT trí ghlaoch orainn nó trí
r-phost a sheoladh chugainn le do shonraí teagmhála.
Is féidir breis eolais faoin táirge a fháil
anseo.
Ar mhaith leat aithne níos fearr a chuir ar Stiúrthóirí i do cheantar?
I measc ábhair éagsúla atá á phlé ag na clinicí, tá ábhar ar leith atá á lua go leanúnach. Tá an-suim ag Stiúrthóirí aithne níos fearr a chuir ar Stiúrthóirí eile an cheantair trí chraobhacha a bhunú.
Is deis iontach a bheadh ann labhairt le daoine eile atá sa phost céanna agus a thuigeann na dualgais go léir a bhaineann leis. Trí theagmháil a dhéanamh le Stiúrthóirí eile an cheantair, is féidir tacaíocht a chur ar fáil dá chéile, ceisteanna/fadhbanna ábhartha a phlé agus leas a bhaint as saineolas a chéile (thar chupán tae agus cúpla briosca!).
Is iad na Stiúrthóirí féin a bheadh ag eagrú an imeachta, ach bheadh foireann na hoifige breá sásta cabhrú le tús a chur leis sna ceantair éagsúla. An chéad chéim ná cur in iúl dúinn go bhfuil éileamh ann dá leithéid! Mar sin, má tá suim agat bheith bainteach lena leithéid de rud a eagrú/páirt a ghlacadh ann,
déan teagmháil linn san oifig.
Cúrsaí
Tá an chéad Dianchúrsa do 2011 ar siúl an tseachtain seo (21-25 Feabhra) i gCorcaigh.
Beidh an dara Dianchúrsa ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 26-30 Aibreán 2011. Le Dianchúrsa eile le bheith ar siúl mí Dheireadh Fómhair, i gCill Dara.
Má tá suim agat freastal ar an Dianchúrsa, déan teagmháil linn le d'ainm a chuir ar an liosta. Coinnigh siúl ar shuíomh FNT do na dátaí do na hagallaimh Ghaeilge.
***
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus 6 faoi lán seoil anois i mBaile Átha Cliath. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil linn.
TEG
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne anois do scrúduithe TEG a bheidh ar siúl mí Aibreáin 2011.
Is córas scrúdaithe é TEG d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Tá sé leibhéal ar fáil ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 2 (C2). Scrúdaítear ceithre scil ag gach leibhéal: Béaltriail, Cluaistuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht.
Tá gach eolas faoin gcóras ar fáil ar shuíomh TEG, idir eolas faoin siollabas, páipéir shamplacha agus eolas do mhúinteoirí.
Eolas do Thuismitheoirí - Scéim ECCE
Tá bileog eolais do thuismitheoirí curtha le chéile againn ar ábhar an ECCE. Tá sí ar fáil le híoslódáil as Gaeilge nó as Béarla ónár shuíomh
anseo.
Polasaithe an Naíonra
Má tá polasaithe nua le scríobh ag an Naíonra, nó más gá uasdhátú a dhéanamh ar sheanpholasaithe, ná dearmad go bhfuil polasaithe samplacha ar fáil ar ár suíomh
anseo.
Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí,
déan teagmháil linn.
Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí d’imeachtaí na hearnála ar
bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/ .