Siar/Back  
Forbairt Naíonraí Teoranta Forbairt Naíonraí Teoranta
Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ag Naíonraí sna ceantair seo a leanas:
Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.

Ranganna - Gaeilge agus eile
Gaelchultúr
Má chuirtear cúrsa Gaeilge in áirithe le Gaelchultúr roimh dheireadh mhí Lúnasa, faightear dhá rang saor in aisce!

Cuirfear tús leis na cúrsaí seo an tseachtain dar tús 19 Meán Fómhair i gceantair éagsúla timpeall na tíre. Tuilleadh eolais anseo nó ar www.gaelchultur.com.

Gaelport.com
Tá eolas ar chúrsaí Gaeilge atá ar siúl timpeall na tíre ar fáil ar gaelport.com.

Tugtar eolas ar chúrsaí do dhaoine fásta agus do pháistí, idir chúrsaí teanga, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí ollscoile.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaelport.com/cursai.

EncludeIT
Enclude IT - lógó
 
Cuireann EncludeIT bogearraí ar lascaine 92-96% den ghnáthphraghas ar fáil do charthanachtaí.

Má tá stádas carthanachta ag do Naíonra, seans maith go mbeidh tú in ann bogearraí a cheannach tríd an gclár seo. Tá liosta de na bogearraí go léir atá ar fáil ó chomhlachtaí mar Microsoft, Symantec agus Cisco ar fáil sa chatalóg reatha.

Is féidir tuilleadh eolais ar an gclár seo agus ar na critéir, a fháil ar www.encludeit.org.


JobBridge
Thosaigh an Scéim Náisiúnta Intéirneachta ar an 1 Iúil 2011. Faoin Scéim seo, bronnfar intéirneachtaí do thréimhse 6 nó 9 mí ar dhaoine dífhostaithe.

Ní bheidh aon chostas ar an bhfostóir ach gheobhaidh an fostaí €50 sa bhreis ar an íocaíocht leasa shóisialaigh gach seachtain.

Tá tuilleadh eolais faoin scéim agus critéir cháilitheachta d'fhostóirí ar www.jobbridge.ie.

Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011/2012 ar an suíomh anois.

CDBO
Beidh cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 ag tosú i mBaile Átha Cliath arís mí Mheán Fómhair. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil le Seán.

Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.

Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí  d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/.

NaíNuacht
Lúnasa 2011

Fáilte go dtí an chéad eagrán de NaíNuacht don scoilbhliain 2011/2012 .
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chuir sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!


BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí

BunGhaeilge
ó chlé: Sandra, Clár, Clíona, Seán
Cliceáil ar an ngrianghraf do thuilleadh íomhánna ón lá

Sheol Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) leagan nua den leabhrán BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí, Dé Máirt,16 Lúnasa 2011.

Is athchló agus uasdátú ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí atá san fhoilseachán seo. Tá an leabhrán roinnte i gcaibidlí le téamaí éagsúla, mar shampla ‘Ar maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa siopa’, ‘Sa ghairdín’. Mar is léir ón teideal, bun-Ghaeilge atá sa leabhrán agus é dírithe ar theaghlaigh gur mian leo cúpla focal a úsáid agus gnásanna agus gníomhaíochtaí an lae ar siúl acu.
 
Téann CD leis an leabhrán, mar chabhair le foghraíocht, agus cloistear gach frása atá sa leabhrán ar an CD. Tá ceithre leagan den CD ar fáil, ceann do gach canúint (Connacht, Mumhan, Uladh agus canúint chaighdeánach). Tá BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí ar díol ar €10 ó FNT agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo. Féach thíos faoi 'Chomórtas na míosa' do do dheis cóip den leabhrán seo a bhuachan.


Naíonraí Nua 2011/2012
Cuireann FNT fáilte roimh na Naíonraí nua go léir a bheidh ag oscailt a doirse don chéad uair mí Mheán Fómhair seo.

Seo thíos liosta de na Naíonraí nua atá cláraithe linn go fóill agus na Stiúrthóirí. Iarrann muid ar Naíonraí seanbhunaithe teagmháil a dhéanamh leis an Naíonra nua i do cheantair, más ann dó, agus fáilte a chur roimh an bhfoireann nua!

  • Naíonra Chéimeanna Beaga, Cathair na Mart, Maigh Eo: Catherine Allen, 087 265 4576
  • Naíonra Old McDonald, Droim Conrach, BÁC: Clár McDónaill, 086 394 5779
  • Naíonra Little Saints, Ráth Cúil, BÁC: Rachel Bairéid, (01) 4013 405
  • Leanbh, An Corrbhaile, Luimneach: Cáit Ní Fhlannchadh, (061) 340 996
  • Naíonra Phádraig na gCloch Liath, Cill Mhantáin: Ciara Watson, 087 926 1318
  • Naíonra Oiriall, Lann Léire, Co. Lú: Aoife Ní Mhuineacháin,  086 826 2547
  • Naíonra Tús Maith, Cill Chainnigh: Nuala Cuffe, (056) 7777 665
  • Nóiníní Beaga, Biorra, Co. Uíbh Fhailí: Eilís Ní hArtagáin, 085 231 0353              

Scéimeanna
Ballraíocht
Ba chóir go mbeadh foirm bhallraíochta agus sonrasc do bhallraíocht agus leabhair rolla faighte ag gach Naíonra faoin stad seo. Tá roinnt mhaith foirmeacha agus íocaíochtaí faighte againn cheana. Tuigeann muid nach mbíonn cuid den eolas don fhoirm bhallraíocht ag na Naíonraí go dtí tús Mheán Fómhair, ach bí cinnte go bhfuil an fhoirm seolta ar ais chugainn chomh luath agus is féidir i ndiaidh athoscailt an Naíonra.

Árachas
Beidh KIDD Insurances ag seoladh amach litreacha athnuachana an dara seachtain mí Mheán Fómhair. Tá gach Naíonra a raibh polasaí aige le KIDD anuraidh clúdaithe go dtí 30 Meán Fómhair 2011. Sheol KIDD agus FNT litreacha amach mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh, faoi seach, ag míniú na hathruithe a bheidh ag teacht ar an nGrúpscéim árachais i mbliana. Tá an litir a sheol FNT amach mí an Mheithimh ar ár shuíomh gréasáin anseo.

Naíonraí Nua
Bí cinnte go bhfuil gach foirm seolta ar ais chuig FNT agus go bhfuil an Naíonra clúdaithe faoi Ghrúpscéim árachas FNT faoi árachas eile (agus cóip den nóta cumhdaigh seolta chugainn).

Má tá an Scéim Chabhrach fós le bailiú ag do Naíonra, ba chóir socruithe a dhéanamh le Sandra faoi seo go luath. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar eolas@naionrai.ie nó (01) 853 5101.

***Má tá foirmeacha sa bhreis ag teastáil, tá siad ar fáil le híoslódáil ón suíomh anseo.

Sealbhú na Gaeilge ag Naíonáin
lógó UCC  lógó UCD  lógó Fhoras na Gaeilge

Tá staidéar ar luath-shealbhú na Gaeilge ar siúl ag UCC agus UCD faoi láthair. Tá sé mar aidhm ag an staidéar cabhrú leo siúd a sholáthraíonn teiripe teanga agus urlabhra ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu conas tacaíocht a thabhairt do pháistí le Gaeilge a bhfuil fadhbanna acu.

Má tá páistí óga agat agus suim agat páirt a ghlacadh sa taighde seo, is féidir bileog eolais a íoslódáil anseo do thuilleadh eolais agus sonraí teagmhála.


Aitheantas oifigiúil do Scrúduithe TEG
 
Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG).  Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais. 
 
Is córas scrúdaithe agus cáilíochta Gaeilge d'fhoghlaimeoirí fásta é Teastas Eorpach na Gaeilge atá á soláthar ag Ionad na dTeangacha Ollscoil na hÉireann Má Nuad ó 2005.
 
Is deis iontach é seo do dhaoine gur mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais iontrála chuí acu do na coláistí oideachais.  Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí fhoghlama. 
 
Bíonn scrúduithe TEG ar siúl uair sa bhliain (Aibreán agus Bealtaine) i 10 n-ionad in Éirinn agus tá cúrsaí ullmhúcháin do scrúduithe TEG ar siúl in ionaid oideachais ar fud na tíre.  Cuireann Ionad na dTeangacha ábhar teagaisc agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus d'fhoghlaimeoirí saor in aisce ag www.teg.ie. Cuir glaoch ar 01 7086417 chun tuilleadh eolais a fháil. 

Sraith leabhar nua ag Futa Fata



Tá sraith leabhar nua darb ainm Baba agus Jeaic le foilsiú go luath ag Futa Fata. Leabhair chairtchláir lándaite atá ann agus iad dírithe ar leanaí idir 0-4 bliain d'aois.

Tá 4 leabhar sa tsraith agus beidh costas €6.95 an ceann orthu. Tuilleadh eolais ar fáil ó Fhuta Fata www.futafata.com / 091-504612.


Suíomh gréasáin
Tá sé i gceist ag FNT obair a dhéanamh ar an suíomh gréasáin www.naionrai.ie thar na míonna seo chugainn. Ba mhaith linn é a fhorbairt ionas go mbeadh sé níos áisiúla don úsáideoir, agus go mbeadh an cineál eolais atá ag teastáil ag Stiúrthóirí, tuismitheoirí agus an pobal ar fáil ann.

Sibhse na daoine a bhíonn á úsáid, mar sin, má tá aon mholadh agaibh ar céard gur chóir a chur san áireamh agus suíomh nua á dhearadh, ba mhaith linn cloisteáil uaibh.

Is féidir moltaí a chur chugainn thar r-phost chuig clar@naionrai.ie nó i litir chuig an oifig.

Comórtas na míosa
Comhghairdeas le Naíonra Lus na Gréine, Tiobraid Árann a bhuaigh sraith iomlán de na leabhair Cathal, buíochas le Futa Fata.
 


Tá cóip den leabhar frásaí nua BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí ar fáil le buachan an mhí seo. Ní gá ach freagra na ceiste seo a chur i r-phost chuig clar@naionrai.ie le d'ainm/ainm an Naíonra agus seoladh poist.
 

Ceist: Cé mhéad canúint ina bhfuil an CD ar fáil?

Dátaí don dialann
  • Spriocdháta le clárú don Chomhdháil The Arts in the Early Years - 30 Meán Fómhair
  • Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha 7 & 8 Deireadh Fómhair, The Heritage Hotel, Port Laoise
  • Dianchúrsa deireanach na bliana - 1-5 mí na Samhna, Cill Dara

Naisc úsáideacha:
 

Urraithe ag:
Lógó Fhoras na Gaeilgelógó DCYAlógó Pobal

 
Nuachtlitir ar fáil ina iomláine ar www.naionrai.ie/nuachtlitir/nuachtlitir_index.ga

Má tá ábhar agat le cur sa chéad nuachtlitir eile, seol é chuig clar@naionrai.ie

Forbairt Naíonraí Teo., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

Fón: 01 853 5101/Facs: 01 853 5197
eolas@naionrai.ie
www.naionrai.ie

Uimhir Chuideachta: 366630 / CHY: 15533
 
Email Marketing Powered by MailChimp