Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ó Naíonraí sna ceantair seo a leanas:
Tabhair cuairt ar an leathanach
Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.
Tá Naíonra nua eile le hoscailt mí Mheán Fómhair seo -
Little Treasures i Luimneach. Ghlaoigh ar Gemma ar 086 027 8700 do thuilleadh eolais.
Cúrsaí
Beidh an dara Dhianchúrsa do 2011 ar siúl i rith briseadh na Cásca (26-30 Aibreán) i mBaile Átha Cliath.
Beidh na hagallaimh ar siúl in oifigí FNT idir 11-13 Aibreán.
Má tá suim agat freastal ar an Dianchúrsa, déan teagmháil linn le d'ainm a chuir ar an liosta. Beidh an Dianchúrsa deireanach do 2011 ar siúl mí Dheireadh Fómhair, i gCill Dara.
***
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 faoi lán seoil anois i mBaile Átha Cliath. Beidh Leibheál 6 ag tosnú Dé Máirt, 5 Aibreán. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil le Seán.
B.A. (Onóracha) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta
Seolfar an chéim nua lánaimseartha ceithre bliana seo i Meán Fómhair 2011. Tá an BA úrnua seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Coláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Iontráil Dhíreach a bheidh ann i mbliana (níl sé ar an CAO).
Tuilleadh eolas
anseo.
Garchabhair ó Bhéal
"Is é mo thuairim go mbeidh an "Safety Mate" an-tábhachtach sa Naíonra. Tá an t-eolas dátheangach. Tá sé an-éasca le húsáid, agus tá gach rud ó ag cur fola go taom croí ann. Táim an-sásta leis." - Bernadette, Naíonra Phádraig, Co. Átha Cliath
Tá an comhlacht
SafetyMate i ndiaidh gléas garchabhrach a fhorbairt a labhraíonn leat – as Gaeilge! Tá gléasanna dátheangacha
SafetyMate in úsáid i dtithe, in oifigí, i gclubanna spóirt agus i mórán áiteanna eile.
Is uirlis fíor-úsáideach é seo agus molann
FNT gléas
SafeyMate do gach Naíonra. Tá siad ar fáil ar €160 (+ seachadadh). Is féidir orduithe a chuir isteach le
FNT trí ghlaoch orainn nó trí
r-phost a sheoladh chugainn le do shonraí teagmhála.
Is féidir breis eolais faoin táirge a fháil
anseo.
Ríomhaireacht trí Ghaeilge
Is smaoineamh agus togra de chuid
Dúrud Teoranta, é an suíomh
www.nascanna.com. Is bailiúchán de na háiseanna ríomhaireachta Gaeilge atá ann.
Má tá tú ag lorg cabhair le cáipéisí a chur le chéile, comhrá a bheith agat le cairde nó cluichí a imirt ar líne - tá naisc ann. Tabhair cuairt ar an suíomh
www.nascanna.com do thuilleadh eolais.
Scéimeanna Maoinithe
Tá iarratais á lorg ag
Foras na Gaeilge faoi láthair faoi scéimeanna éagsúla lena n-áirítear 'Scéim na nImeachtaí Óige' agus 'Scéim na gCampaí Samhraidh'. Tá spriocdhátaí de mhí Aibreáin agus Márta faoi seach acu. Tuilleadh eolais ar fáil ó
shuíomh an Fhorais.
Ar mhaith leat aithne níos fearr a chuir ar Stiúrthóirí i do cheantar?
I measc ábhair éagsúla atá á phlé ag na clinicí, tá ábhar ar leith atá á lua go leanúnach. Tá an-suim ag Stiúrthóirí aithne níos fearr a chuir ar Stiúrthóirí eile an cheantair trí chraobhacha a bhunú.
Is deis iontach a bheadh ann labhairt le daoine eile atá sa phost céanna agus a thuigeann na dualgais go léir a bhaineann leis. Trí theagmháil a dhéanamh le Stiúrthóirí eile an cheantair, is féidir tacaíocht a chur ar fáil dá chéile, ceisteanna/fadhbanna ábhartha a phlé agus leas a bhaint as saineolas a chéile (thar chupán tae agus cúpla briosca!).
Is iad na Stiúrthóirí féin a bheadh ag eagrú an imeachta, ach bheadh foireann na hoifige breá sásta cabhrú le tús a chur leis sna ceantair éagsúla. An chéad chéim ná cur in iúl dúinn go bhfuil éileamh ann dá leithéid! Mar sin, má tá suim agat bheith bainteach lena leithéid de rud a eagrú/páirt a ghlacadh ann,
déan teagmháil linn san oifig.
Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí,
déan teagmháil linn.
Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí d’imeachtaí na hearnála ar
bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/ .