Siar/Back  
Forbairt Naíonraí Teoranta Forbairt Naíonraí Teoranta
Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ó Naíonraí sna ceantair seo a leanas:
Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.

Cúrsaí Gaeilge
Tá eolas ar chúrsaí Gaeilge atá ar siúl timpeall na tíre ar fáil ar gaelport.com.

Tugtar eolas ar chúrsaí do dhaoine fásta agus do pháistí, idir chúrsaí teanga, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí ollscoile.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaelport.com/cursai.

EncludeIT
Enclude IT - lógó
 
Cuireann EncludeIT bogearraí ar lascaine 92-96% den ghnáthphraghas ar fáil do charthanachtaí.

Má tá stádas carthanachta ag do Naíonra, seans maith go mbeidh tú in ann bogearraí a cheannach tríd an gclár seo. Tá liosta de na bogearraí go léir atá ar fáil ó chomhlachtaí mar Microsoft, Symantec agus Cisco ar fáil sa chatalóg reatha.

Is féidir tuilleadh eolais ar an gclár seo agus ar na critéir, a fháil ar www.encludeit.org.

CDBO
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 faoi lán seoil anois i mBaile Átha Cliath. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil le Seán.

Imeachtaí don samhradh
Féach ar bhlag FNT ar an 1 Iúil 2011 do liosta de na féilte éagsúla atá ar siúl timpeall na tíre i rith mhí Iúil.

Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011 ar an suíomh anois.

Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.

Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí  d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/ .

NaíNuacht
Meitheamh 2011

Fáilte go heagrán na míosa seo de NaíNuacht, nuachtlitir FNT.
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chuir sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!
Beidh NaíNuacht ag tógáil briseadh do mhí Iúil, ach beidh sé ar ais arís ag deireadh mí Lúnasa le fáilte a chur roimh an scoilbhliain nua!

Nóta árachais
Athruithe ag teacht ar Ghrúpscéim Árachais FNT
Beidh litir á seoladh amach go luath chuig na Naíonraí go léir atá faoi Ghrúpscéim Árachais FNT ag míniú na hathruithe atá ag teacht isteach ar riaradh na Scéime.

Naíonraí ag dul ar thurais
Dé réir chlúdach árachais Naíonraí atá clúdaithe faoi Ghrúpscéim KIDD Insurances, is gá eolas faoi thurais a thabhairt don chomhlacht árachais roimh dhul ar an turas.

Má tá an Naíonra ag dul aon áit lasmuigh d'ionad an Naíonra, fiú ar shiúlóid 30 soicind thíos an bóthar chuig páirc/scoil áitiúil, is gá go mbeadh KIDD ar an eolas faoi.

Tá foirm ar shuíomh FNT gur gá a líonadh agus a sheoladh chugainn roimh lá an turais. Níl ann ach buneolas ar an áit, líon páistí agus daoine fásta agus dátaí, ach tá sé ríthábhachtach go bhfuil gach cuid de líonta amach ó thaobh árachais de.

Tá an fhoirm ar fáil le híoslódáil anseo.

NCCA – Cad chuige an t-oideachas bunscoile?
 

Bláthnaid - Children, their lives, their learning
Bláthnaid Ní Ghréacháin

 
Cad chuige an t-oideachas bunscoile do pháistí anois agus feasta, dar leatsa?
Is féidir éisteacht lena bhfuil ráite ag (Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.) agus daoine eile nach í ar www.childrentheirlivestheirlearning.ie agus do ghuth féin a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid soiléir faoina bhfuil meas againn air, agus muid ag tosú ar churaclam comhtháite teanga do bhunscoileanna a fhorbairt, ag tosú le ranganna na naíonán. Foilseofar an t-eolas is déanaí ar www.ncca.ie/bunscoileanna de réir mar a dhéantar forbairt air.
- NCCA

Bás Brian Lenihan - Ceannródaí ar son leanaí na tíre
Is le brón a d’fhoghlaim Forbairt Naíonraí Teo. (FNT) gur cailleadh Brian Lenihan T.D. maidin Dé hAoine seo caite. Déanann FNT comhbhrón lena chlann agus a mhuintir, lena chairde agus lena chomhghleacaithe.

Ba cheannródaí é Brian Lenihan ar son leanaí na tíre seo, mar Aire do Leanaí ó 2002 go 2007. D’éirigh leis Aireacht iomlán a bhaint amach agus guth láidir a chothú ar son leanaí sa rialtas agus i measc an phobail. Le linn a thréimhse mar Aire do Leanaí bunaíodh Oifig an Aire do Leanaí, ceapadh an chéad Ombudsman do Leanaí, cuireadh tús leis an taighde fadaimseartha ‘Growing Up in Ireland’ agus rinneadh an-dul chun cinn agus infheistíocht san earnáil luathbhlianta.

Ba chara mór le FNT, leis an nGaeilge agus le leanaí na tíre é Brian Lenihan agus cuimhneoidh muid go deo ar an gcairdeas sin agus ar stuamacht, ar dhíograis agus ar chrógacht an fhir.

Fóirdheontas - Téarma Aibreán go Meitheamh 2011
Ba é an spriocdháta d'fhoirmeacha a bheith ar ais san oifig ná Dé hAoine, 17 Meitheamh 2011. Déanfar íocaíochtaí leis na Naíonraí óna bhfuaireamar foirmeacha uathu, roimh lár mhí Iúil.

Growing Up in Ireland

Growing Up in Ireland

Is staidéar náisiúnta ar pháistí é ‘Growing Up in Ireland’. Is é an staidéar is suntasaí a thugtar faoi riamh in Éirinn, agus cabhróidh sé lenár dtuiscint ar gach gné a bhaineann le páistí agus lena bhforbairt, a fheabhsú. Tuilleadh eolais faoin staidéar ar fáil ag www.growingup.ie.
 
Foilsíodh trí dhoiciméid le déanaí, leis na príomhthorthaí ón gcéad chuid den staidéar. Díríonn na torthaí ar
(i) Toircheas agus Breith
(ii) Sláinte Naíonán
(iii) Tacaíocht thuismitheoireachta agus chúram leanaí.
 
Tá na doiciméid seo, mar aon le torthaí ar ghnéithe eile den staidéar ar fáil le híoslódáil ag www.growingup.ie/infantpublications.

Nóta do Naíonraí nua a d'oscail ó Mheán Fómhair 2010
Tá go dtí 13 Iúil 2011 ag Naíonraí nua a d'oscail i mbliana, cur isteach ar an Scéim Chabhrach agus an trealamh a bhailiú ó oifigí FNT.

Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil anseo.


Scéim Intéirneachta Náisiúnta
An Roinn Coimirce SóisialaíAn Roinn Coimirce Sóisialaí

D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí Scéim Intéirneachta Náisiúnta do 5,000 duine dífhostaithe, le déanaí. Tosnóidh an scéim ar an 1 Iúil 2011 agus mairfidh sí ar feadh dhá bhliain.

Faoin scéim nua, beidh daoine dífhostaithe in ann tabhairt faoi intéirneachtaí ar feadh 6-9 mí. Tuillfidh rannpháirtithe €50 anuas ar ghnáthíocaíochtaí leasa shóisialta. 

Tá critéir áirithe gur gá d'ósteagraíochtaí comhlíonadh más mian leo duine a fhostú faoin scéim seo. Tá na critéir seo mar aon le tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil ar shuíomh na Roinne.

Féilire na Gaeilge
Tá féilire ar shuíomh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a thugann eolas ar imeachtaí éagsúla atá bainteach leis an nGaeilge, ceolchoirmeacha, féilte agus ciorcail chomhrá ina measc. Is féidir cuardach a dhéanamh ar imeachtaí de réir cúige.

Cuirtear fáilte roimh eolas ón bpobal faoi imeachtaí ar siúl timpeall na tíre. Tabhair cuairt ar an bhféilire ar www.gaelport.com.

Sladmhargadh
Leabhar Rolla

Tá sladmhargadh ar siúl ag FNT ar leabhair rolla agus leabhair thimpiste faoi láthair. Tá costas €5 an leabhar orthu, nó €8 do phacáiste (leabhar rolla x1 + leabhar timpiste x1).


Níl ach méid teoranta fágtha san oifig, mar sin má tá cóipeanna uait, déan teagmháil linn go luath! Is féidir ordaithe a chur isteach trí r-phost a sheoladh chuig eolas@naionrai.ie nó trí ghlaoch ar Shandra ar (01) 853 5101.

Tá raon leathan ábhar ar fáil ag FNT, is féidir leat féachaint ar céard atá ar fáil uainn agus foirm ordaithe a íoslódáil ón suíomh.

Suíomh gréasáin
Tá sé i gceist ag FNT obair a dhéanamh ar an suíomh gréasáin www.naionrai.ie thar na míonna seo chugainn. Ba mhaith linn é a fhorbairt ionas go mbeadh sé níos áisiúla don úsáideoir, agus go mbeadh an cineál eolais atá ag teastáil ag Stiúrthóirí, tuismitheoirí agus an pobal ar fáil ann.

Sibhse na daoine a bhíonn á úsáid, mar sin, má tá aon mholtaí agaibh ar céard gur chóir a chur san áireamh agus suíomh nua á dhearadh, ba mhaith linn cloisteáil uaibh.

Is féidir moltaí a chur chugainn thar r-phost chuig clar@naionrai.ie nó i litir chuig an oifig.

Know Your Neighbour Weekend 2011

Know Your Neighbour Weekend 2011

Beidh an 6ú Know Your Neighbour Weekend ar siúl i mbliana ar an 9 & 10 Iúil 2011.Is deis mhaith é imeacht a eagrú i d’eastát nó ar do shráid le daoine a thabhairt le chéile agus aithne (níos fearr) a chur ar do chomharsana.

Léigh tuilleadh faoi ar bhlag FNT

Naíonra Bhaile an Bhiataigh
Tá Naíonra nua ag oscailt mí Mheán Fómhair i mBaile an Bhiataigh agus tá siad ag lorg trealaimh.

Má tá trealamh nó acmhainní breise ag do Naíonra nach bhfuil in úsáid, bheidís fíorbhuíoch astu. Tá an Stiúrthóir Joanne, sásta taistil len iad a bhailiú. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar 087 690 4384.

Comórtas na míosa

Cathal - sraith leabhar


Tá sraith leabhar Futa Fata ar fáil an mhí seo do Naíonra amháin. Tá an tsraith Cathal dírithe ar pháistí óga sa Naíonra agus sna ranganna naíonáin sa bhunscoil.

Le deis a fháil an tsraith aláinn seo a bhuacan, ní gá ach freagra na ceiste, ainm agus seoladh an Naíonra a sheoladh chuig clar@naionrai.ie.


Ceist: Cé mhéad leabhar atá sa tsraith Cathal?

Dátaí don dialann

Naisc úsáideacha:
 

Urraithe ag:
Lógó Fhoras na Gaeilgelógó an NDPlógó DCYAlógó Pobal

 
Nuachtlitir ar fáil ina iomláine ar www.naionrai.ie/nuachtlitir/nuachtlitir_index.ga

Má tá ábhar agat le cur sa chéad nuachtlitir eile, seol é chuig clar@naionrai.ie

Forbairt Naíonraí Teo., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

Fón: 01 853 5101/Facs: 01 853 5197
eolas@naionrai.ie
www.naionrai.ie

Uimhir Chuideachta: 366630 / CHY: 15533
 
Email Marketing Powered by MailChimp