Siar/Back  
Forbairt Naíonraí Teoranta Forbairt Naíonraí Teoranta
Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ag Naíonraí sna ceantair seo a leanas:
Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.

Better Together
Better Together 2011
 
Better Together 2011 tosnaithe arís agus is é an spriocdháta le cur isteach ar an gcomórtas físeán ná 28 Deireadh Fómhair 2011.

Más mian leat €3,000 a bhuachan don Naíonra, cur físeán gearr le chéile a thaispeánann an obair laethúil a dhéantar sa Naíonra agus an tábhacht a bhaineann leis.

Tuilleadh eolais ar www.bettertogether.ie.

Gaillimh le Gaeilge
Gaillimh le Gaeilge ag iarraidh ar dhaoine atá cónaí orthu i nGaillimh, suirbhé a líonadh le cabhrú leo stádas reatha na Gaeilge sa chathair a dhearbhú.

Ranganna - Gaeilge agus eile
 
Is leor beirt
 
Is leor beirt 
Is é an smaoineamh taobh thiar den scéim seo ná go mbuaileann daoine le chéile le Gaeilge a labhairt. Is rud neamh-fhoirimiúil atá i gceist. Is féidir le daoine bualadh in áiteanna ar leith do lón, nó cupán tae nó ar lá/tráthnóna ar leith lena gcuid Gaeilge a chleachtadh. 

'Is leor beirt' an t-ainm atá ar an scéim mar ní gá do ghrúpa mór le Gaeilge a labhairt, níl ach duine amháin eile ag teastáil le comhrá a bheith agat.

Tá tuilleadh eolais mar aon le liosta de na háiteanna atá páirteach ann, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain, ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge anseo

Gaelport.com
Tá eolas ar chúrsaí Gaeilge atá ar siúl timpeall na tíre ar fáil ar gaelport.com.

Tugtar eolas ar chúrsaí do dhaoine fásta agus do pháistí, idir chúrsaí teanga, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí ollscoile.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaelport.com/cursai.

Spraoi na Naíonraí - Corcaigh
Gael-Taca - lógó
Gael-Taca i gCorcaigh ag cur cóisir ar siúl Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair idir 11.00r.n.-1.00i.n..

Cuirfear fáilte roimh pháistí atá ag freastal ar Naíonraí, tuismitheoirí agus daoine le suim acu páiste a chur chuig Naíonra.

Tuilleadh eolais ar fáil ó Ghael-Taca ar (021) 4310 841 nó ar www.gael-taca.com.

Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011/2012 ar an suíomh anois.

CDBO
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 tosnaithe i mBaile Átha Cliath arísr. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith, déan teagmháil le Seán.

Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.

Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí  d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/.

NaíNuacht
Meán Fómhair 2011

Fáilte go dtí NaíNuacht, nuachtlitir de chuid Fhorbairt Naíonraí Teoranta .
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chuir sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!


An Traein

Nóra, Máire, Clíona
ó chlé: Nóra Ní Loingsigh (Gaelscoileanna Teo.), Dr. Máire Mhic Mhathúna, Clíona Frost (FNT)
Cliceáil ar an ngrianghraf do thuilleadh íomhánna ón lá

Sheol Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) agus Gaelscoileanna Teo. leabhair moltaí ar an aistriú ón Naíonra go dtí an ghaelscoil, An Traein, Dé Máirt, 20 Meán Fómhair 2011.

Forbairt Naíonraí Teo. agus Gaelscoileanna Teo. ag obair ar thionscadal taighde faoin aistriú ón Naíonra go dtí an ghaelscoil le dhá bhliain anuas. D’eascair An Traein as taighde a rinne Dr. Máire Mhic Mhathúna, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, mar chuid den tionscadal seo. Is éard is ábhar den leabhrán áirithe seo ná moltaí agus eolas do mhúinteoirí agus Stiúrthóirí Naíonraí.

Tá an páipéar cúlra ar fáil ar shuíomh an dá eagras anois. Cliceáil anseo le teacht ar an gcáipéis ar shuíomh FNT.

Bhí idir Stiúrthóirí Naíonraí, múinteoirí bunscoile agus ionadaithe ó CNNG, Childminding Ireland, Foras na Gaeilge, Pobal agus eile, i láthair ag an seoladh. Tá tuilleadh grianghraif ón seoladh ar fáil anseo.

Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha
Beidh comhdháil NNG ar siúl Aoine - Domhnach an 7-9 Deireadh Fómhair sa Portlaoise Heritage Hotel

Is é téama na comhdhála i mbliana ná:
Sláinte, Leas agus Forbairt an Pháiste, i gcomhthéacs Aistear & Síolta.

Beidh ceardlann ar Riail 5 mar chuid den chomhdháil chomh maith. Tá an clár iomlán ar fáil le híoslódáil anseo

"Is deis iontach é casadh le Stiúrthóirí ó gach aird den tír. Beidh caint is comhrá, malartú tuairimí, agus oiliúint againn i bPortlaoise arís i mbliana. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí gach iarracht freastal ar an gComhdháil. Má tá seomra uait fós, is féidir r-phost a sheoladh chuig Eibhlín ag naionraardfallen@gmail.com."
- Na Naíonraí Gaelacha


Fáilte Laura, Oifigeach Forbartha FNT

Sandra, Laura, Clár
ó chlé: Sandra (Feidhmeannach Airgeadais agus Riaracháin), Laura (Oifigeach Forbartha), Clár (Oifigeach Eolais agus Scéimeanna)


Ba mhaith le foireann na hoifige agus bord FNT, ar son Naíonraí na tíre, fáilte mhór a chuir roimh Laura Rawdon, Oifigeach Forbartha nua atá ag tosnú in oifigí FNT tús mhí Dheireadh Fómhair. 

Tá taithí ag Laura a bheith ag obair mar Stiúrthóir Naíonra i gCo. na Mí le cúpla bliain anuas, agus níl aon dabht ach gur buntáiste mór é an cineál saineolas seo a bheith ag an bhfoireann. Tá Seán fíorshásta chomh maith go bhfuil duine eile chun an t-ualach mór oibre a roinnt leis!

Tá súil againn go mbaineann Laura sult as an dúshlán nua seo agus go gcuireann na Naíonraí go léir fáilte roimpi agus í ag socrú isteach. 

Naíonraí Nua 2011/2012

Cuireann FNT fáilte roimh na Naíonraí nua go léir a bheidh ag oscailt a doirse don chéad uair mí Mheán Fómhair seo.

Seo thíos liosta de na Naíonraí nua atá cláraithe linn go fóill agus na Stiúrthóirí. Iarrann muid ar Naíonraí seanbhunaithe teagmháil a dhéanamh leis an Naíonra nua i do cheantair, más ann dó, agus fáilte a chur roimh an bhfoireann nua!

  • Naíonra Chéimeanna Beaga, Cathair na Mart, Maigh Eo: Catherine Allen, 087 265 4576
  • Naíonra Old McDonald, Droim Conrach, BÁC: Clár McDónaill, 086 394 5779
  • Naíonra Little Saints, Ráth Cúil, BÁC: Rachel Bairéid, (01) 4013 405
  • Leanbh, An Corrbhaile, Luimneach: Cáit Ní Fhlannchadh, (061) 340 996
  • Naíonra Phádraig na gCloch Liath, Cill Mhantáin: Ciara Watson, 087 926 1318
  • Naíonra Oiriall, Lann Léire, Co. Lú: Aoife Ní Mhuineacháin,  086 826 2547
  • Naíonra Tús Maith, Cill Chainnigh: Nuala Cuffe, (056) 7777 665
  • Nóiníní Beaga, Biorra, Co. Uíbh Fhailí: Eilís Ní hArtagáin, 085 231 0353    
  • Naíonra Phóigíní Gréine, Dromad, Co. Liatroma: Yvonne Ó Ríordáin, 086 071 8105
  • Réaltaí Geala, Inis Corthaidh, Co. Loch Garman: Kathleen Kinsella, 087 966 2940
  • Naíonra Chéad Chéimeanna (2), Baile an Bhiataigh, Co. na Mí: Joanne Uí Chuana, 087 690 4384
  • Naíonra Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí: Nicole Ní Néill, 086 163 0241
  • Naíonra Ráth Tó, Co. na Mí: Gráinne Ceitinn, 085 146 3123
  • Naíonra Ríocht na nÓg ag Cúl an Tí, An tAonach, Co. Thiobraid Árann: Éilis Uí Thuathaigh, (067) 41570
Nóta do Naíonraí nua:
Mura bhfuil sé déanta agat go fóill, bí cinnte go mbreathnaíonn tú ar an léarscáil ar shuíomh FNT le cinntiú go bhfuil suíomh an Naíonra i gceart. Mura bhfuil, seol r-phost leis an láthair cheart go clar@naionrai.ie

Scéimeanna
Ballraíocht
Ba chóir go mbeadh foirm agus táille bhallraíochta seolta ar ais ag gach uile Naíonra faoin stad seo. Ní dhéantar athnuachan ar bhallraíocht Naíonra go dtí go bhfuil na rudaí seo faighte againn san oifig. Tá an fhoirm ar fáil le híoslódáil ón suíomh anseo.

Má tá fadhb ag aon Naíonra leis an bhfoirm a líonadh, glaoigh ar an oifig láithreach. Is gá go mbeadh na foirmeacha go léir faighte againn faoin 7 Deireadh Fómhair.  

Árachas
Tá na litreacha athnuachana don bhliain 2011/2012 seolta amach ag KIDD Insurances chuig gach Naíonra anois. Bígí cinnte go seolann sibh na foirmeacha agus táillí cuí ar ais chuig KIDD in am. Mura bhfuil litir athnuachana faighte agat go fóill, déan teagmháil le Niamh nó Sharon i KIDD Insurances ar (01) 207 9400. 

Naíonraí Nua
Bí cinnte go bhfuil gach foirm seolta ar ais chuig FNT agus go bhfuil an Naíonra clúdaithe faoi Ghrúpscéim árachas FNT faoi árachas eile (agus cóip den nóta cumhdaigh seolta chugainn).

Má tá an Scéim Chabhrach fós le bailiú ag do Naíonra, ba chóir socruithe a dhéanamh le Sandra faoi seo go luath. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar eolas@naionrai.ie nó (01) 853 5101.

***Má tá foirmeacha sa bhreis ag teastáil, tá siad ar fáil le híoslódáil ón suíomh anseo.

Seachtain Náisiúnta i leith Sábháilteacht ar Bhóithre

RSA - lógó

10-14 Deireadh Fómhair 2011
Beidh National Beep-Beep Day ar siúl Dé hAoine, 14 D.F. mar chuid den tSeachtain Náisiúnta i leith Sábháilteacht ar Bhóithre. Iarrtar ar sheirbhísí chúram leanaí páirt a ghlacadh agus imeacht éigin a chur ar siúl le tábhacht sábháilteacht ar bhóithre a chur in iúl do na páistí. 

Tá pacáiste eolais ar fáil ón RSA a chabhraíonn leis an teachtaireacht seo a roinnt le páistí - Simon and Friends - agus tá leabhar agus bileoga eolais mar chuid de. Bí cinnte go gcuireann tú d'ordú isteach go luath ionas gur féidir leat na bileoga eolais a scaipeadh ar thuismitheoirí ar an lá chomh maith. 

Déan teagmháil le do Choiste Chúram Leanaí áitiúil le fáil amach cén imeachtaí a bheidh ar siúl i do cheantar.

Coinnigh súil ar www.rsa.ie do thuilleadh eolais. 

Baboró 2011 - 
Féile Ealaíona Idirnáisiúnta na Gaillimhe do Pháistí

Baboró - lógó
 
Féile Baboró ar siúl i mbliana idir 16-23 Deireadh Fómhair i gcathair na Gaillimhe agus tá raon leathan imeachtaí agus ceardlanna do pháistí agus do dhaoine a oibríonn le páistí ar siúl i rith na seachtaine. 

Tá siad ag ceiliúradh an 15 breithlá i mbliana agus cuirfidh Das Papiertheater tús leis na himeachtaí i mbliana Dé Domhnaigh, 16 Deireadh Fómhair. Beidh ceol, cluichí sráide agus mórán eile ar siúl idir 2.00-5.00 ar Quay St. agus High St. sa chathair mar chuid den chóisir oscailte. Cuirtear fáilte roimh theaghlaigh agus éinne gur mian leo páirt a ghlacadh in imeachtaí an lae. Tá freastal ar an gcóisir saor in aisce!

Cuireadh alt faoin bhféile ar bhlag FNT le déanaí. Tá clár na féile ar fáil le híoslódáil ó shuíomh Baboró féin agus tá gach eolas ar na imeachtaí, taispeántais, ceardlanna agus eile atá ar siúl, ar fáil ann. Is gá áirithint a dhéanamh do chuid de na himeachtaí. 

Imeacht spéisiúil do pháistí Naíonraí agus a theaghlaigh:
Foilsíodh dhá phictiúrleabhar nua i mbliana 'Cácá don Rí' agus 'Binjí: Madra ar Strae' agus is i nGaillimh atá an beirt údar lonnaithe. Beidh Patricia Forde and Ailbhe Nic Giolla Bhrighde ag léamh scéalta i siopa leabhar Charlie Byrne, Dé Domhnaigh, 23 Deireadh Fómhair ag 1.00 agus 2.30. Tá an imeacht seo saor in aisce ach is gá áirithint a dhéanamh roimh ré. Rud éigin éagsúil le déanamh leis an gclann!

Tacaíocht do Sholáthraithe Cúram Leanaí i mBÁC

Tá craobh B.Á.C. an ACP (Association of Childcare Professionals) ag eagrú ócáid oíche Mháirt, 11 Deireadh Fómhair. Tá fáilte roimh bhaill agus daoine nach baill iad, freastal air. Beidh dhá cheardlann ar siúl ar an oíche:

  • Bainistiú iompraíochta le Helen Sholdice
  • Scéalaíocht le Helen Maher

Beidh deis ag daoine labhairt le hionadaithe an ACP faoin obair atá ar siúl acu agus roinnt lionrú a dhéanamh le soláthraithe cúram leanaí eile roimh na ceardlanna. Beidh deis ag daoine ballraíocht a ghlacadh leis an ACP ar an lá chomh maith. Níl ach costas €10 ar an oíche (do dhaoine nach baill iad) nó saor in aisce do bhaill (agus do dhaoine a ghlacann ballraíocht ar an oíche).

Beidh na ceardlanna ar siúl san LYCS ar Shráid Rutland, B.Á.C. 1 agus is gá áirithint a dhéanamh roimh ré. Cliceáil anseo leis an litir agus foirm áirithinte a íoslódáil. Is féidir tuilleadh eolais faoin ACP a fháil ar www.acpdublin.ie.

Áiseanna nua as Gaeilge

An Fheirm

Tá sraith álainn míreanna mearaí ar fáil anois as Gaeilge ón gcomhlacht Vivid Stories. Tá sé téama éagsúla ar fáil: An Seomra Ranga; An Fheirm; Faoin Fharraige; Éadaí; Uimhreacha; Dathanna.

Tá siad lámhdhéanta as adhmaid agus tá siad ar fáil i 12 nó 30 píosa agus costas €19.99 orthu. Tuilleadh eolais ar www.vividstories.ie.


Suíomh gréasáin

Tá sé i gceist ag FNT obair a dhéanamh ar an suíomh gréasáin www.naionrai.ie thar na míonna seo chugainn. Ba mhaith linn é a fhorbairt ionas go mbeadh sé níos áisiúla don úsáideoir, agus go mbeadh an cineál eolais atá ag teastáil ag Stiúrthóirí, tuismitheoirí agus an pobal ar fáil ann.

Sibhse na daoine a bhíonn á úsáid, mar sin, má tá aon mholadh agaibh ar céard gur chóir a chur san áireamh agus suíomh nua á dhearadh, ba mhaith linn cloisteáil uaibh.

Is féidir moltaí a chur chugainn thar r-phost chuig clar@naionrai.ie nó i litir chuig an oifig.

Comórtas na míosa

Comhghairdeas leis na Naíonraí seo a leanas a bhuaigh cóip de BhunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí. Seol r-phost chuig clar@naionrai.ie le cur in iúl cén leagan den CD (Canúint) atá uait.

  • Naíonra Cholmcille, Sord
  • Naíonra Chúl na nÓg, Páirt Láirge
  • Naíonra Tús Maith, Cill Chainnigh
  • Naíonra Mhol an Óige, B.Á.C. 15
  • Naíonra Ghleann Maghair, Corcaigh
  • Naíonra Oiriall, Co. Lú
  • Naíonra Bhóín Dé, Cill Dara


???


Níl comórtas na míosa san eagrán seo, ach beidh comórtas iontach ar siúl againn ag Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha i mbliana. Bígí ann!

Dátaí don dialann

  • Spriocdháta le clárú don Chomhdháil The Arts in the Early Years - 30 Meán Fómhair
  • Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha 7 & 8 Deireadh Fómhair, The Heritage Hotel, Port Laoise
  • Dianchúrsa deireanach na bliana - 1-5 mí na Samhna, Cill Dara

Naisc úsáideacha:
 

Urraithe ag:
Lógó Fhoras na Gaeilgelógó DCYAlógó Pobal

 
Nuachtlitir ar fáil ina iomláine ar www.naionrai.ie/nuachtlitir/nuachtlitir_index.ga

Má tá ábhar agat le cur sa chéad nuachtlitir eile, seol é chuig clar@naionrai.ie

Forbairt Naíonraí Teo., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

Fón: 01 853 5101/Facs: 01 853 5197
eolas@naionrai.ie
www.naionrai.ie

Uimhir Chuideachta: 366630 / CHY: 15533
 
Email Marketing Powered by MailChimp