Siar/Back  
Forbairt Naíonraí Teoranta Forbairt Naíonraí Teoranta
Teanga chomharthaíochta do leanaí
SuperHands

Tá leabhar/foclóir ar theanga chomharthaíochta do leanaí curtha le chéile ag SuperHands. De réir taighde atá déanta thar na blianta, forbraíonn cumas cumarsáide leanaí a úsáideann an teaghlach teanga chomharthaíochta níos tapúla ná leanaí eile. Is féidir leat tuilleadh faoi theanga chomharthaíochta do leanaí a léamh ar www.superhands.ie

Daidí na Nollag, an bhfuil Gaeilge aige?
Sraith litreacha chuig an eagarthóir suimiúil ón Irish Times:
Litir 28 Samhain (ag tagairt ar na litreacha thíos)
 
Litir 17 Samhain
Litir 18 Samhain
Litir 22 Samhain

Margadh Mór Mhaigh Eo, Cathair na Mart
Beidh Margadh Mór Mhaigh Eo ar siúl idir 9-11 Nollaig. Tuilleadh eolas ó www.westportmarket.ie.

Folúntais
Tá Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí Cúnta á lorg ag Naíonraí sna ceantair seo a leanas:
Tabhair cuairt ar an leathanach Folúntais do na fógraí iomlána agus sonraí teagmhála na Naíonraí.

Suíomh gréasáin
Tá sé i gceist ag FNT obair a dhéanamh ar an suíomh gréasáin www.naionrai.ie thar na míonna seo chugainn. Ba mhaith linn é a fhorbairt ionas go mbeadh sé níos áisiúla don úsáideoir, agus go mbeadh an cineál eolais atá ag teastáil ag Stiúrthóirí, tuismitheoirí agus an pobal ar fáil ann.

Sibhse na daoine a bhíonn á úsáid, mar sin, má tá aon mholadh agaibh ar céard gur chóir a chur san áireamh agus suíomh nua á dhearadh, ba mhaith linn cloisteáil uaibh.

Is féidir moltaí a chur chugainn thar r-phost chuig clar@naionrai.ie nó i litir chuig an oifig.

Painéal de Theagascóirí á chur le chéile ag FNT
Tá FNT ag lorg teagascóirí na luathbhlianta ó fud fad na tíre chun painéal a chur le chéile. Cuireann FNT cúrsaí aitheanta agus neamhaitheanta ar fáil trí Ghaeilge, dírithe ar an earnáil luathóige, go príomha Naíonraí Gaelacha.

Má tá tú suim agat sna luathbhlianta agus cáilithe chun ceardlann a thabhairt ar ábhar ar leith, nó má tá taithí agat ar mhodúil CDBO (FETAC) a mhúineadh, déan teagmháil linn.

Tá spéis faoi leith ag FNT sna hábhair a leanas: Modúil Cúram Leanaí CDBO Leibhéal 5 & 6, An Ghaeilge, Garchabhair, Fiontraíocht agus Airgeadais, Sábháilteacht Bia, Idirchultúrachas agus Comhionannas.

Moltar don té a bhfuil spéis aige bheith ar phainéal de theagascóirí FNT, ríomhphost a sheoladh chuig Laura ag laura@naionrai.ie.

Féilire Oiliúna
Tá an Féilire Oiliúna do 2011/2012 ar an suíomh anois.

Fáiltíonn FNT roimh mholtaí do chúrsaí inseirbhíse do 2012. Déan teagmháil le Seán.

CDBO
Tá cúrsaí CDBO Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Más mian leat freastal ar mhodúl ar leith anois, nó i 2012, déan teagmháil le Laura.

Suim agat Naíonra a bhunú?
Má tá suim agat Naíonra a bhunú nó cur le do sheirbhísí chúram leanaí, déan teagmháil linn.

Blag FNT
Foilsítear ailt suimiúla agus fógraí  d’imeachtaí na hearnála ar bhlag FNT gach seachtain. Tabhair cuairt air ag
www.naionrai.wordpress.com/.

NaíNuacht
Samhain 2011

Fáilte go dtí NaíNuacht, nuachtlitir de chuid Fhorbairt Naíonraí Teoranta .
Téann NaíNuacht amach thar r-phost gach mí leis an eolas agus na scéalta is reatha ón earnáil agus ó na Naíonraí iad féin.
Má tá aon ábhar gur mhaith leat a chur sa chéad eagrán eile de NaíNuacht, seol chugainn é! Cuireann muid fáilte roimh ghrianghraif, scéalta ar imeachtaí Naíonraí, fógraí ar cheardlanna/seimineáir áitiúla agus aon rud eile atá ábhartha don earnáil!


Oíche Shamhna

Oíche Shamhna i gCorcaigh
Oíche Shamhna i Naíonra Phobail an Sciobairín, Corcaigh

Fóirdheontas
Ba chóir go mbeadh foirm dheontais faighte ag gach Naíonra (a d’oscail i 2010/2011 nó roimhe) faoin staid seo. Mura bhfuil foirm faighte is féidir í a íoslódáil ón suíomh anseo.
 
Glacfaimid le foirmeacha tríd an ngnáthphost, r-phost nó facs ach iad a bheith ar ais faoi 5i.n., Dé Luain, 5 Nollaig 2011 ar a dhéanaí.
 
*Ní íocfar an fóirdheontas le Naíonraí nach bhfuil cláraithe go hiomlán le FNT.

Clinicí
Naíonra Nead na nÓg, Baile an Róba
Naíonra Nead na nÓg, Baile an Róba
 
Táimid fíorbhuíoch de gach duine a d'fhreastail ar an gclinic i dTuaim ar an 17 Samhain 2011. Bhíomar ag súil le grúpa beag de bharr na drochaimsire, ach bhí ionadh orainn nach raibh ach duine amháin in easnamh!
Maith sibh!

Beidh an chéad chlinic eile ar siúl Dé Máirt, 6 Nollaig 2011 i gCill Dhéagláin, Co. na Mí.

An Coimisinéir Teanga
An Coimisinéir Teanga
D'fhógraíodh le déanaí go ndúnfar Oifig an Choimisinéara Teanga agus go gcuirfear feidhmeanna na hOifige faoi Oifig an tOmbudsman. 

Is féidir tuilleadh faoi seo a léamh ar bhlag FNT, Gaelport agus ar cnag.ie.

Apanna nua ag Cula4 agus Oideas Gael
 
Cúla Caint     Enjoy Irish

Tá dhá apa nua ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, idir óg agus aosta.
 
Tá apa Cúla4, Cúla Caint, dírithe ar leanaí réamhscoile, agus clúdaítear ábhair mar aimsir, ainmhithe agus baill an choirp. Tugtar leagan scríofa agus labhartha de gach focal. Is féidir an apa a íoslódáil saor in aisce ó iTunes. Tuilleadh eolais a fháil anseo.
 
Tá an apa Enjoy Irish bunaithe ar leabhar agus CD atá ar fáil ó Oideas Gael agus tá sé dírithe ar dhaoine fásta. Tá an apa seo úsáideach do dhaoine gur mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim don chéad uair, nó do dhaoine gur mhaith leo an Ghaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil a athshealbhú. Tá an apa ar fáil le híoslódáil anseo.
 
Mol an Óige
Mol an Óige

Is comhlacht Éireannach é Mol an Óige atá á rith ag múinteoirí. Tá sé mar aidhm aige freastal ar scoileanna agus múinteoirí trí ábhar moladh agus spreagadh a chur ar fáil ar chostas íseal.
 
Tá raon leathan táirgí ar fáil ón suíomh gréasáin agus tá cuid mhaith den ábhar ar fáil as Gaeilge chomh maith. Féach ar an liosta thíos do rudaí gur féidir leat úsáid i do Naíonra féin.
 
Suaitheantais
Pinn luaidhe
Greamáin
Rostbhandaí
Ceapa nótaí/teastais bheaga
Scriosáin
Stampálaithe

Oscailt Oifigiúil Naíonra Nóiníní Beaga, Biorra
 
Nóiníní Beaga
Eilís Ní hArtagáin (Príomhstiúrthóir), Madison, Bláthnaid Ní Chofaigh
 
D'oscail Naíonra nua i mBiorra, Nóiníní Beaga, go hoifigiúil ar an 29 Deireadh Fómhair. Bhí Bláthnaid Ní Chofaigh ann ar an lá mar aoi speisialta.

Cliceáil ar an ngrianghraf thuas do thuilleadh íomhánna ón lá.

Saor-Chomhairle Dlí
Tá seirbhís Saor-Chomhairle Dlí ar fáil anois go náisiúnta. Bíonn clinicí ar fáil in ionaid éagsúla timpeall na tíre ag amanna ar leith. Do dhaoine nach bhfuil clinic ar siúl sa cheantar, beidh seirbhís ghutháin ar fáil go luath chomh maith.
 
Is féidir leis an Ionad Saor-Chomhairle Dlí réamhthuairim a thabhairt duit, míniú a dhéanamh ar na cearta atá agat, nó a rá leat an bhfuil gá le tuilleadh comhairle. Má tá gá, is féidir leis an Ionad tú a chur i dteagmháil leis na haturnaetha i do cheantar a chuireann seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge.
 
Is comhpháirtíocht é an tIonad Saor-Chomhairle Dlí idir Chonradh na Gaeilge agus FLAC.
 
Is féidir eolas breise faoin tseirbhís a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag (091) 567824/(01) 4757401 nó dli@cnag.ie.

Seoladh Pictiúirleabhar nua ‘Cáca don Rí’
 
Cáca don Rí

Cuirfear fáilte roimh chách nuair a sheolfar Cáca don Rí, leabhar nua scríofa ag Ailbhe Nic Giolla Bhrighde le Futa Fata agus maisithe ag Steve Simpson an tseachtain seo i mBÁC.
 
“Is iontach an báicéir í Rúbaí Rua. Ach ní maith léi go mbeadh aon duine ag cabhrú léi, go háirithe na luchóga a chónaíonn ina teach báicéara. Nuair a ordaíonn an Rí cáca dá lá breithe, tá Rúbaí agus na luchóga ar bís – go dtí go dtarlaíonn timpiste uafásach...”
 
Seolfaidh Lauerate na nÓg, Siobhán Parkinson an leabhar go hoifigiúil 5i.n., Dé Céadaoin, 30 Samhain i Hodges Figgis, Sráid Dawson, BÁC 2.
Cuireadh

Tairiscint Nollag ó Fhuta Fata
Cliceáil anseo le litir ó Fhuta Fata chuig Stiúrthóirí a íoslódáil.

Catalóg Fhuta Fata.

Plean Oibre FNT 2012
Go raibh maith agat gach duine a sheol moltaí ar ais ó thaobh plean oibre FNT 2012 de. Ba é an spriocdháta leis na moltaí seo a bheith againn ná an 22 Samhain, ach má tá aon rud sa bhreis gur mhaith leat a chur san áireamh agus plean oibre 2012 á chur le chéile againn, seol na moltaí seo chugainn thar r-phost chuig eolas@naionrai.ie leis an teideal ‘Plean Oibre 2012’ roimh 2 Nollaig.
 
Naíscoil Bheann Mhadagáin
Naíscoil Bheann Mheadagáin

D’fhógraíodh le déanaí go n-osclófar an chéad naíolann lán-Ghaeilge i mBéal Feirste Thuaidh mí Mheán Fómhair 2012. Beidh Naíscoil Bheann Mhadagáin ar oscailt idir 9.00-1.45 Luain go hAoine agus cuirfear béilí ar fáil do na leanaí chomh maith (mar rogha).
 
Tá Naíscoil Bheann Mhadagáin ar oscailt le cúpla bliain anuas mar chuid de Bhunscoil Bheann Mhadagáin. Beidh an Naíscoil nua in ann seirbhís naíolann lánaimseartha a sholáthar do thuismitheoirí.
 
Tuilleadh eolais ar fáil ón mbunscoil ar 048 9074 7184.

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Tá sé á bheartú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige scéim a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is mian leis an Roinn aighneachtaí i ndáil leis an dréachtscéim a lorg anois ó pháirtithe leasmhara.
 
Is é príomhchuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus go mbeidh na seirbhísí sin ar chaighdeán níos airde.
 
Spriocdháta d’aighneachtaí ná 5 Eanáir 2012, tuilleadh eolais ar Ghaelport.
 
Pacáiste eolais
Scaipeadh pacáiste eolais ar Naíonraí a d’fhreastail ar Chomhdháil Na Naíonraí Gaelacha. I measc na rudaí atá sa phacáiste tá cóip de na foilseacháin seo a leanas An Traein, Tús Áite do Leanaí, cáipéis ar Riail 5. Tá cóip amháin ar fáil do gach Naíonra, mura bhfuil cóip faighte ag do Naíonra go fóill, cuir r-phost chuig clar@naionrai.ie.
 
Tá an pacáiste seo ar fáil do Naíonraí amháin atá cláraithe le FNT.

Carla Daly – Ealaín do pháistí
 
Carla Daly

Is ealaíontóir í Carla Daly atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a dhearann saothair ealaíne, póstaeir, léarscáileanna agus eile do pháistí. Is iad ainmhithe don chuid is mó, atá mar ábhar san ealaín seo. Is féidir ealaín féinoiriúnaithe a fháil chomh maith le hainm an pháiste agus daoine eile sa theaghlach a chur ar na hainmhithe éagsúla sa phictiúr.
 
Is bronntanas álainn a bheadh ann d’aon pháiste an Nollaig seo, agus tá seachadadh saor in aisce ar gach ordú más in Éirinn nó thar lear atá an seoladh. Tabhair cuairt ar www.carladaly.ie leis an ealaín go léir a fheiceáil.

Comórtas na míosa

"Playground"

Tá bronntanas ag Carla í féin do dhuine ámharach amháin an mhí seo. Ní gá ach freagra na ceiste seo thíos a chur ar r-phost chuig clar@naionrai.ie, le d’ainm agus seoladh do do dheis dearbhán €25 d’Ealaín Carla Daly a bhuachan (roimh 9 Nollaig).
 
Ceist: Cén costas atá ar an bpóstaer ‘Playground’? (Leid: Tá sé ar ofráil speisialta faoi láthair...)

Dátaí don dialann


Naisc úsáideacha:

An bhfuil cóip de NaíNuacht ar fáil do thuismitheoirí sa Naíonra? Cuir cóip i gcló agus cuir ar an gclár fógraí é ionas go mbeidh tuismitheoirí ar an eolas faoi acmhainní nua agus forbairtí san earnáil.
 

Urraithe ag:
Lógó Fhoras na Gaeilgelógó DCYAlógó Pobal

 
Nuachtlitir ar fáil ina iomláine ar www.naionrai.ie/nuachtlitir/nuachtlitir_index.ga

Má tá ábhar agat le cur sa chéad nuachtlitir eile, seol é chuig clar@naionrai.ie

Forbairt Naíonraí Teo., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

Fón: 01 853 5101/Facs: 01 853 5197
eolas@naionrai.ie
www.naionrai.ie

Uimhir Chuideachta: 366630 / CHY: 15533
 
Email Marketing Powered by MailChimp