Forbairt Naíonraí Teoranta — Forbairt Naíonraí gan Teorainn!

Domhnach 5 Feabhra 2012 (17/01/12)

Scéimeanna Tacaíochta

Árachas

Tá Grúpscéim Árachais ar fáil ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta i gcomhar le Kidd Insurances do Naíonraí atá cláraithe leo timpeall na tíre.

Ón 1 Deireadh Fómhair 2011, tá KIDD Insurances ag plé le riarachán laethúil na scéime. Ciallaíonn sin gur chóir teagmháil a dhéanamh le KIDD, seachas FNT, faoi aon rud a bhaineann le polasaithe árachais, réamheolas scríofa faoi thurais san áireamh. Is seirbhís Bhéarla atá ar fáil ó KIDD faoi láthair, ach más fearr le do Naíonra cúrsaí árachais a phlé trí mheán na Gaeilge, tá FNT lánsásta feidhmiú mar idirghabhálaí idir an Naíonra agus KIDD Insurances. Tuilleadh eolais faoi na hathruithe seo ar fáil sa litir thíos (Meitheamh 2011).

Foirm Thairisceana Árachais

Foirm Árachas Roghnach

Foirm Thairisceana Árachais (13 mhí) - do Naíonraí nua ag oscailt 2011/2012

Foirm Árachas Roghnach (13 mhí) - do Naíonraí nua ag oscailt 2011/2012

Litir agus foirm árachais do Champaí Samhraidh.

Athruithe ag teacht ar an nGrúpscéim - litir seolta ag FNT mí an Mheithimh 2011

Ballraíocht

Tá costas €52 ar bhallraíocht a ghlacadh leis Na Naíonraí Gaelacha. Seoltar foirmeacha amach chuig Stiúrthóirí mí Lúnasa gach bliain.

Scéim Fhóirdheontais

Ba é an dáta deireanach le foirmeacha a chur ar ais chugainn don Téarma Meán Fómhair - Nollaig 2011 ná an 5 Nollaig 2011. D'íocadh gach Naíonra a chur foirm, líonta i gceart, ar ais faoin spriocdháta agus a bhí i dteideal an deontas a fháil.

Caithfear gach iarratais déanach dul os comhair bord FNT le faomhadh sular féidir íocaíocht a dhéanamh.

Foirm fhóirdheontas don Téarma Meán Fómhair - Nollaig 2011

Téarmaí agus Coinníollacha

Scéim Chabhrach

Scéim Chabhrach

Cuirtear Scéim Chabhrach ar fáil do Naíonraí nua, ag brath ar mhaoiniú FNT. Tagann an Scéim Chabhrach i bhfoirm trealaimh le húsáid sa Naíonra agus seic le cabhrú le rith an Naíonra.

Is féidir le Naíonraí nua cur isteach ar an Scéim Chabhrach i rith na scoilbhliana ina mbunaítear an Naíonra. Má bhronntar an Scéim Chabhrach ar Naíonra, tá sé suas don Naíonra féin an trealamh a bhailiú ó oifigí FNT.

Naíonraí nua atá ag oscailt sa bhliain 2011/2012 - Is é an spriocdháta do chur isteach ar an Scéim Chabhrach agus í a bhailiú ná Dé hAoine, 13 Iúil 2012.

Foirm iarratais don Scéim Chabhrach (trealamh)

Foirm iarratais don deontas do Naíonraí nua

Eolas ar na Scéimeanna

Eolas do Naíonraí nua ar na Scéimeanna a chuirtear ar fáil ag FNT ar fáil anseo.


Naisc Ionaid Tacaíocht Mar Gheall Orainn

Cóipcheart © 2004–2012 FNT. Gach ceart ar cosnamh. Séanadh.