Forbairt Naíonraí Teoranta — Forbairt Naíonraí gan Teorainn!

Domhnach 5 Feabhra 2012 (03/02/12)

Folúntais

Folúntais

Seo áis do:

  • dhaoine atá ag lorg poist i Naíonra
  • Naíonraí atá ag iarraidh cur leis an bhfoireann
  • dhaoine atá ag lorg poist san earnáil chúram leanaí

Más mian leat post a fhógairt ar an leathanach seo, seol ríomhphost go clar@naionrai.ie le:

  • Sonrú poist (Post atá i gceist m.s. Stiúrthóir/Stiúrthóir Cúnta, ainm agus láthair an Naíonra, uaireanta oibre, scileanna/cáilíochtaí ar leith ag teastáil roimh iarratasóirí, &rl.)
  • Dáta deireanach a bhfuil tú sásta glacadh le hiarratais
  • Sonraí teagmhála duine sa Naíonra, má tá breis eolais ag teastáil uainn nó ó iarratasóirí

Ná déan dearmad muid a chuir ar an eolas nuair a líontar an folúntas ionas go mbaintear ón suíomh é.

Áiteanna eile gur féidir do phost a fhógairt ná gaelport.com, Gaelscéal ('nuacht áitiúil'), childcare.ie, Coistí Cúram Leanaí, &rl.
Is féidir le FNT an post a fhógairt duit ar shuíomh The Wheel, ní gá ach an cheist a chur.

Tá súil againn go mbeidh an leathanach seo mar fhoinse luachmhar eolais dóibh siúd ag obair i Naíonraí thart timpeall na tíre!

Stiúrthóir agus Stiúrthóir Cúnta - Ciarraí

Naíonra Faithleann ag oscailt i Mí Meán Fómhair 2012 i nGaelscoil Faithleann, Cill Airne, agus tá siad ag glacadh le hiarratas go dtí an 24 Feabhra 2012 do phoist mar Stiúrthóir agus Stiúrthóir Cúnta.

Beidh na Stiúrthóirí fostaithe ag Bord Bainistíochta na scoile don chéad bhliain agus tá seans ann go mbeidh an Naíonra neamhspleách ó Mheán Fómhair 2013 istigh sa scoil.

Riachtanais

  • Gaeilge líofa (labhartha agus scríofa)
  • Dianchúrsa FNT (nó a bheith sásta tabhairt faoi go luath)
  • CDBO Leibhéal 5 nó níos airde
  • Traenáil gharchabhrach
  • Bheith eolach ar rialacháin chúram leanaí agus FSS
  • Taithí ábhartha i gcúram leanaí

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Phroinsias ag gsfaithleann.ias@eircom.net nó (064) 663 4930.

Iarratais chuig: An Cathaoirleach, Gaelscoil Faithleann, Cill Airne, Co. Chiarraí roimh 24 Feabhra 2012.

Stiúrthóir Cúnta - Co. na Mí

Tá Naíonra san Uaimh, Co. na Mí, ag lorg iarratas do phost mar Stiúrthóir Cúnta. Post páirtaimseartha atá i gceist (12-15 uair in aghaidh na seachtaine).

Riachtanais

  • Cáilíochtaí agus taithí ábhartha i gcúram leanaí
  • Traenáil gharchabhrach
  • Cumas maith Gaeilge

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó cuir isteach ar an bpost seo, trí r-phost a sheoladh chuig Sonya ag sonyacurran@eircom.net.

Stiúrthóir Cúnta - Co. na Mí

Naíonra na Ríthe, Domhnach Seachnaill, Co. na Mí, ag lorg iarratas do phost mar Stiúrthóir Cúnta. Is iad uaireanta oibre an phoist ná 8.00r.n. - 1.30i.n., Luan go hAoine.

Riachtanais

  • CDBO Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí
  • Traenáil gharchabhrach
  • Keep Safe
  • Gaeilge líofa (labhartha agus scríofa)

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó cuir isteach ar an bpost seo, trí r-phost a sheoladh chuig Caitlín ag caitlinnic1@hotmail.com.

Stiúrthóir Cúnta - Uíbh Fháilí

Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra nua a d'oscail in Éadan Doire, Co. Uíbh Fháilí mí Mheán Fómhair 2011.

Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.

Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:

  • Dianchúrsa FNT
  • Traenáil gharchabhrach
  • CDBO Leibhéal 5

Déan teagmháil le Nicole ar 086 163 0241 nó ag nicole2006@eircom.net más spéis leat cur isteach ar an bpost.

Stiúrthóir - Cill Mhantáin

Tá Naíonra nua ag oscailt go luath sna Clocha Liatha agus tá siad ag glacadh le hiarratais faoi láthair don phost mar Stiúrthóir.

Riachtanais

  • Cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa)
  • Dianchúrsa FNT
  • CDBO Leibhéal 7
  • Traenáil gharchabhrach
  • Bheith eolach ar rialacháin chúram leanaí agus FSS

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Ciara ciara_f@yahoo.com nó ar 087 926 1318.

Stiúrthóir agus Stiúrthóir Cúnta - Baile Átha Cliath Thuaidh

Links Childcare ag lorg iarratas do phoist mar Stiúrthóir agus Stiúrthóir Cúnta (lánaimseartha agus páirtaimseartha), do Naíonra i mBaile Átha Cliath Thuaidh.

Riachtanais

  • Cumas maith Gaeilge
  • CDBO Leibhéal 5 (ar a laghad)

Más spéis leat cur isteach ar cheann de na poist seo, seol iarratas chuig kellyd@linkschildcare.ie.

Tuilleadh eolais ar fáil ó shuíomh Links Childcare www.linkschildcare.ie.

Barr^


Naisc Ionaid Tacaíocht Mar Gheall Orainn

Cóipcheart © 2004–2012 FNT. Gach ceart ar cosnamh. Séanadh.