Forbairt Naíonraí Teoranta — Forbairt Naíonraí gan Teorainn!

Domhnach 5 Feabhra 2012 (24/01/12)

Cúrsaí Oiliúna ar fáil ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta

Féilire Oiliúna 2011/2012

Cliceáil anseo do liosta de na cúrsaí go léir a bheidh ar fáil ó FNT don scoilbhliain 2011/2012.

Más mian leat freastal ar chúrsa ar bith, seol foirm iarratais mar aon leis an táille chuí chuig FNT. Má tá ceist agat faoi ábhar na gcúrsaí, déan teagmháil le Seán.

Dianchúrsa Fhorbairt Naíonraí Teoranta

Dianchúrsa 2012

Is cúrsa riachtanach é an Dianchúrsa dóibh siúd atá ag iarraidh feidhmiú mar Stiúrthóirí Naíonra, le tuiscint chuimsitheach a thabhairt dóibh ar a bhfuil i gceist le Naíonra a bhunú agus a bhainistiú.


Socraítear taithí oibre dóibh siúd a fhreastalaíonn ar an gcúrsa seo, agus bronnfaidh Forbairt Naíonraí Teoranta teastas orthu agus an cúrsa críochnaithe acu. Reáchtáiltear Dianchúrsaí timpeall na tíre ag brath ar éileamh.


Más mian leat freastal ar an gcúrsa seo, is féidir leat an fhoirm iarratais thuas faoi 'Féilire Oiliúna' a phriontáil agus a sheoladh ar ais chugainn leis an íocaíocht chuí.


Má tá suim agat freastal ar an gcéad Dianchúrsa eile, seol r-phost chuig laura@naionrai.ie nó cuir glaoch ar Laura ar (01) 853 5198, le do shonraí teagmhála mar aon leis an gceantar ina bhfuil tú lonnaithe.


Ní íocfar deontas le haon Naíonra gan Dianchúrsa Forbairt Naíonraí Teoranta ina iomláine* a bheith déanta ag Stiúrthóir an Naíonra.


*Tuairisc Oibre (Dialann Oibre roimhe seo) ceartaithe san áireamh
**Níl an cúrsa seo creidiúnaithe.

Cúrsaí CDBO

CDBO - L5

Oiliúint Aitheanta

Eagraítear cúrsaí Cúram Leanaí Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 le haitheantas ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna.

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta aitheanta mar ionad oiliúna ag CDBO.

*Faoi 1 Meán Fómhair 2012, beidh sé mar riachtanas go mbeadh CDBO Leibhéal 5 ar a laghad ag gach Stiúrthóir i bhfeighil Naíonra. Sheol FNT litir amach mí an Mheithimh chuig gach Stiúrthóir agus Stiúrthóir Cúnta faoi seo. Tá an litir sin ar fáil le híoslódáil anseo.

Leibhéal 5

Tugann CDBO Leibhéal 5 caoi d'fhoghlaimeoirí réimse leathan scileanna a fhorbairt, atá sonrach do ghairm ar leith agus a bhfuil tuiscint ginearálta teoiriciúil riachtanach dó. Tugtar caoi dóibh oibriú go neamhspleách, faoi reir stiúriú ginearálta. Leanann tromlach de shealbhóirí modúil/teastas ar aghaidh chun fostaíocht a fháil.

Meastar go bhfuil na bun-riachtanais iontrala do réimse cúrsaí/ionaid ardoideachais bainte amach ag na foghlaimeoirí.

Bronnfar an teastas CDBO Leibhéal 5 ar iarrthóir a shroicheann an caighdeán riachtanach i modúil, a bhfuil luach ar a laghad 8 orthu agus a bhfuil a leanas san áireamh iontu:

  • 5 Modúil Gairmeacha (Modúil éigeantach agus roghnach san áireamh)
  • 2 Mhodúl Staidéar Ginearálta ('Cumarsáid' san áireamh)
  • 1 Mhodúl Taithí Oibre

Is iad na modúil atá ar fáil (de réir éilimh) ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta ag Leibhéal 5 CDBO ná:

  • Úsáid na Gaeilge le Páistí Óga
  • Sochtheangeolaíocht agus an Páiste
  • Luathoideachas
  • Cúram Leanaí 0-6
  • Ag Obair i gCúram Leanaí
  • Forbairt an Pháiste
  • Cumarsáid
  • Taithí Oibre

Má tá suim agat freastal ar aon mhodúl, is féidir leat foirm iarratais a íoslódáil anseo. Déan teagmháil le Laura ag laura@naionrai.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Leibhéal 6

Tugann an cáilíocht CDBO Leibhéal 6 caoi d'fhoghlaimeoirí reimse leathan scileanna a fhorbairt a d'fhéadfadh a bheith sonrach do ghairm ar leith agus/nó do mhaoirseacht ghinearálta, a bhfuil tuiscint mhionsonraithe teoriciúil riachtanach dó. San áireamh sna Modúil tá ; ard-scileanna gairme/ceirde, a thugann caoi do shealbhóirí teastas oibriú go neamhspleách. Leanann tromlach na sealbhóirí teastais/modúil ar aghaidh chuig fostaíocht, roinnt díobh féin-fhostaithe.

Is iad na Modúil atá ar fáil (de réir éilimh) ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta ag Leibhéal 6 CDBO ná :

  • Maoirseacht i gCúram Leanaí
  • Forbairt an Pháiste
  • Cláir Luathóige
  • Cuinsí Dlí
  • Pleanáil Teanga san Ionad Cúram Leanaí

Má tá suim agat freastal ar aon mhodúl, is féidir leat foirm iarratais a íoslódáil anseo. Déan teagmháil le Laura ag laura@naionrai.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Ceardlanna/Seimineáir/Imeachtaí

fntfnt Comhsheimineár na luathbhlianta ar ábhar Síolta, Aistear agus an Curaclam Bunscoile

D'eagraigh FNT agus Gaelscoileanna Teo. comhsheimineár na luathbhlianta san Alexander Hotel, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 12 Márta 2011. Bhí idir Stiúrthóirí Naíonraí, múinteoirí agus príomhoidí bunscoileanna lán-Ghaeilge, agus daoine eile le suim san ábhar i láthair ar an lá.

Táimid fíorbhuíoch as na cainteoirí go léir a thug ceardlanna fíor spéisiúla, a chuir muid go léir ag machnamh ar mhórán ábhair éagsúla. Bhí an-luach ag an deis a chuireadh ar fáil tabhairt faoi obair ghrúpa agus plé a spreagadh idir Stiúrthóirí Naíonraí agus múinteoirí bunscoile le tuiscint níos fearr a fháil ar obair a chéile - deis nach bhfaigheann siad minic go leor, dar leo.


Ábhar pléite ag an seimineár:

Ábhar eile ón lá:

Aistear agus Síolta


Cúrsaí Gaeilge

Ranganna Gaeilge

Tá neart ranganna Gaeilge ar fáil ag eagraíochtaí éagsúla timpeall na tíre.

Barr^


Naisc Ionaid Tacaíocht Mar Gheall Orainn

Cóipcheart © 2004–2012 FNT. Gach ceart ar cosnamh. Séanadh.